How can we help?

Conas a phróiseálfar mo shonraí?


Trí aontú páirt a ghlacadh, tuigeann tú agus aontaíonn tú gur féidir linne (Iarnród Éireann agus ár gcomhpháirtí cruthaitheach Publicis Dublin) do shonraí a stóráil agus a phróiseáil ar an mbealach seo a leanas:

Sonraí

D’ainm, do sheoladh, do ríomhphost, d’uimhir fóin, eolas turais (dáta, uair agus stáisiúin an turais san áireamh) agus stádas an turais (i bhfoirm nuashonrúcháin GPS, an chaoi a úsáideann tú an aip, agus aon aiseolas a chuireann tú ar fáil faoi thurais ar leith nó faoi d’eispéireas ar an iomlán.

Cén fáth?

Chun an triail a chomhordú, cumarsáid a dhéanamh leat le linn na trialach, cinntigh go bhfuilimid ar an eolas faoi cá bhfuil na paisinéirí le linn na trialach, deimhnigh go bhfuil gach stáisiún DART á thástáil againn sa triail, seiceáil a dhéanamh ar na leibhéil seirbhíse i ngach am den lá/seachtain, creidmheas taistil a sholáthar duit (más gá) agus tú a chur ar an eolas faoi dheiseanna tástála/trialach breise don aip seo. 

Cé mhéad ama?

Suas le bliain tar éis dheireadh na trialach tosaigh. 

Cá háit?

Ar fhreastalaithe slána in Éirinn.  Bainfidh an córas úsáid as na caighdeáin criptithe is déanaí agus beidh an tionscadal ar fad i gcomhréir le GDPR.  Ní roinnfear na sonraí le tríú páirtithe. 

Beidh ar Iarnród Éireann agus Publicis Dublin do shonraí a stóráil agus a phróiseáil chun rochtain ar an aip don triail a éascú, agus chun torthaí an tionscadail a chinneadh.  Iarrfaimid ort do chead a dheimhniú le téarmaí uile na trialach (lena n-áirítear an chaoi a bpróiseálfar do shonraí) sula mbeidh rochtain agat ar an aip. .

Barr