How can we help?

Níl mé ag iarraidh go ndéanfar mo shonraí phearsanta a phróiseáil, nó tá mé ag iarraidh go scriosfar mo shonraí phearsanta?


Faoi na Dlíthe um Chosaint Sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar aon fhaisnéis phearsanta ag baint leat a choimeádtar. Tá sé de cheart agat freisin go ndéanfar sonraí míchearta a choigeartú agus go scriosfar Sonraí Pearsanta i gcás nach mbeidh foras dlíthiúil ann na sonraí sin a phróiseáil de réir Bheartas Coinneála Sonraí Iarnród Éireann 

Tá na cearta seo a leanas agat (mír 4 de Bheartas Coinneála Sonraí Iarnród Éireann, Bealtaine 2018), i gcásanna áirithe agus faoi réir srianta áirithe, i ndáil do shonraí pearsanta:

  • an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain;
  • an ceart a iarraidh go ndéanfar do shonraí pearsanta a choigeartú agus/nó a scriosadh;
  • an ceart srian a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála ar do shonraí pearsanta, i gcás ina bhfuilimid á bpróiseáil ós rud é go bhfuil sin riachtanach dár leas dlisteanach, nó do leas dlisteanach tríú pháirtí;
  • an ceart do shonraí pearsanta a fháil, arna gcur tusa ar fáil dúinn, i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, nó ceangal a chur orainn na sonraí sin a thíolacadh go rialaitheoir eile, i gcás ina mbeimid ag próiseáil na sonraí bunaithe ar do thoiliú go bhfuil an méid sin riachtanach d’fhonn conradh leat a chomhlíonadh.

Chun aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, déan dteagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí ag dpo@irishrail.ie

Barr