An bhfuil suim agat a bheith i do sholáthraí d'Iarnród Éireann Irish Rail?

Soláthraíonn Iarnród Éireann raon leathan earraí, seirbhísí agus oibreacha atá riachtanach chun tacú le hoibriú sábháilte, éifeachtúil agus inbhuanaithe a gréasán iarnróid. Ní hamháin go dtacaíonn soláthar na n-earraí agus na seirbhísí sin le soláthar oibríochtaí laethúla agus cothabháil an bhonneagair iarnróid ach tacaíonn sé freisin le hathnuachan bonneagair agus sócmhainní agus le seachadadh tionscadal bonneagair caipitil.

I measc na n-earraí a fhaigheann Iarnród Éireann tá rothstoc (lena n-áirítear páirteanna agus comhpháirteanna), trealamh iarnróid, comharthaíochta agus líne lasnairde, crua-earraí TFC, trealamh teileachumarsáide, uirlisí láimhe/cumhachta, éidí, ábhair ghlantacháin, agus soláthairtí oifige.

Áirítear ar sheirbhísí, ach gan a bheith teoranta dóibh, seirbhísí gairmiúla agus teicniúla lena n-áirítear innealtóireacht shibhialta, tógáil, cothabháil mheicniúil agus leictreach, bainistíocht tionscadal, bainistíocht saoráidí agus seirbhísí comhshaoil.

Is príomhbhreithnithe iad an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht de réir mar a oibrímid chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus chun spriocanna aeráide a bhaint amach.

Úsáideann Iarnród Éireann eTenders, tairseach soláthair Rialtas na hÉireann, chun fógraí conartha agus tairiscintí a fhoilsiú. Molaimid do sholáthraithe clárú ar eTenders chun fanacht ar an eolas faoi dheiseanna chun oibriú linn.

Eolas Soláthair Iarnród Éireann

Top