I gcás nár éirigh leat íocaíocht a dhéanamh le 3D Secure, déan teagmháil leis an mbeolíne díolacháin ag (0)1 836 6222 (idir 8.30-18.00, Luan go hAoine) chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
D’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbeidh deacrachtaí ag custaiméirí atá ag déanamh áirithinte le cárta idirnáisiúnta. Ós rud é nach n-úsáideann roinnt cártaí idirnáisiúnta 3D Secure, d’fhéadfadh an banc eisiúna diúltú le hidirbhearta idirnáisiúnta. Más mian leat áirithint a dhéanamh le cárta Meiriceánach, mar shampla, moltar do chustaiméirí a mbanc a chur ar an eolas roimh iarracht a dhéanamh ticéad a cheannach ar irishrail.ie
Baineann bainc úsáid as fíordheimhniú 3D Secure chun cosc a chur ar chalaois cárta ar líne. Úsáideann bainc an próiseas chun idirbhearta ar líne a dhéanamh níos sláine. I gcásanna áirithe, ní dhéanann bainc an próiseas fíordheimhnithe ach rachaidh an t-idirbheart ar aghaidh mar is gnáth.
Is féidir tuilleadh eolais maidir le 3D Secure a fháil ach teagmháil a dhéanamh le do bhainc eisiúna nó leis na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
Áirithintí a rinneadh Ar Líne/Ar an bhFón:
Má tá do phasfhocal 3D Secure dearmadta agat ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc, nó beidh rogha dar teideal ‘Forgotten Password’ nó ‘Retrieve Password’ ar an gcuid den suíomh ag baint le 3D Secure. Lean na treoracha ansin. Ní dhéantar do phasfhocal 3D Secure a choimeád ar aon chóras ríomhaire de chuid Iarnród Éireann; nuair a roghnaigh tú an pasfhocal sin níor sábháladh é ach ar an gcóras ríomhaire i do bhanc. Ní dhéanfaidh Iarnród Éireann teagmháil leat riamh chun ceist a chur maidir le do phasfhocal 3D Secure agus ní fhéadfaimid cabhrú leat pasfhocail 3D Secure atá dearmadta a fháil ar ais.
Níl, faraor. Mar rogha eile, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Glaonna chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Glactar le Mastercard, Visa Debit, agus le gach cárta creidmheasa.
Prótacal is ea 3D Secure a úsáidtear mar shlándáil bhreise agus íocaíocht á dhéanamh le cártaí creidmheasa agus cártaí dochair ar líne. Déantar an méid sin trí chéim fhíordheimhnithe bhreise a chur ar fáil i gcomhair íocaíochtaí ar líne; pasfhocal.
Visa a d’fhorbair an tseirbhís agus tugadh “Verified by Visa” air. Ansin rinne MasterCard seirbhís a fhorbairt bunaithe ar an bprótacal céanna dar teideal “MasterCard® SecureCode™”. Cruthaíodh é chun slándáil íocaíochtaí ar líne a fheabhsú trí chéim slándála bhreise a chur ar fáil do chustaiméirí roimh dóibh idirbheart a dhéanamh ar líne. Cruthaítear pasfhocal mar chuid de sin. Is féidir a chinntiú leis sin nach bhfuil do chárta creidmheasa á úsáid go calaoiseach ós rud é nach mbeidh an pasfhocal ar eolas ag duine ar bith eile seachas tusa.
An chéad uair a dhéanfaidh tú idirbheart agus 3D Secure i bhfeidhm, cuirfear go dtí suíomh ghréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú. Roimh duit leanúint ar aghaidh iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a chruthú. Tá an méid sin comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Ná luaigh do phasfhocal do dhuine ar bith eile – féadfaidh tú a bheith cinnte de ansin go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh síos do phasfhocal in áit ar bith.
Má diúltaíodh do do chárta, ná bí buartha faoi. Tá roinnt cúiseanna simplí ann gur féidir é sin a shoiléiriú:
Má tá fadhbanna agat fós, is féidir teagmháil a dhéanamh linn anseo.
Úsáideann an chuid is mó de Bhainc an AE 3D Secure nó ceann éigin atá cosúil leis i rith an phróisis íocaíochta chun dintiúir an úsáideora a fhíordheimhniú. Má bhíonn fadhbanna agat le d’áirithint ar líne, molaimid duit iarracht a dhéanamh d’áirithint a dhéanamh le cárta dochair/creidmheasa eile, díreach chun an cárta a chur as an áireamh mar fhadhb. Má tá fadhbanna agat fós, déan teagmháil le do bhanc le haghaidh tuilleadh eolais.
Mura bhfuil tú in ann áirithint a dhéanamh ar líne, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár Ionad Teagmhála Custaiméirí