How can we help?

Cuntas nua a chruthú


Treoir céim ar chéim ar conas cuntas nua a chruthú
Le Cuntas Iarnród Éireann, féadfaidh tú breathnú ar na háirithintí a rinne tú le déanaí, do shonraí pearsanta a shábháil agus a athrú, agus freisin beidh nuacht tábhachtach agus margaí speisialta ó Iarnród Éireann le feiceáil.
Más rud é go raibh cuntas Iarnród Éireann agat cheana ar an sean-shuíomh gréasáin, is é is dóichí ná go mbeidh ort cuntas nua a chruthú anois. Ní féidir cuntas a chruthú ach le linn an próisis áirithinte.

  • Céim 1 - Cuir turas in áirithint ar phleanálaí turais Iarnród Éireann, roghnaigh an áit imeachta agus ceann scríbe, na dátaí, líon na bpaisinéirí agus na suíocháin mar is gnáth,
  • Céim 2 - Tar éis duit suíochán a roghnú cuirfear go dtí an leathanach cuntais tú. Tabharfar rogha duit anseo chun logáil isteach le do chuntas Iarnród Éireann nó an rogha ‘Lean ar Aghaidh mar Chuairteoir’. Cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh mar Chuairteoir’
  • Céim 3 - Cuir isteach do chuid sonraí mar is gnáth. Beidh dhá thicbhosca le feiceáil. ‘Is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú’ is teideal don dara thicbhosca. Cuir tic sa bhosca sin.
                                                 
  • Céim 4- Déan d’áirithint a chríochnú mar is gnáth.
  • Céim 5- Gheobhaidh tú r-phost go luath ina dhiaidh sin ina mbeidh pasfhocal sealadach. Is féidir an pasfhocal a athrú ach na treoracha sa r-phost sin a leanúint.

Beidh rochtain agat anois ar do chuntas Iarnród Éireann

Priontáil
Barr