Booking Online - Manage my Booking Ceisteanna Coitianta
-
Is féidir suíochán atá ag féachaint i dtreo faoi leith a chur in áirithint ar sheirbhísí díreacha áirithe idir Corcaigh/Baile Átha Cliath agus ar gach seirbhís idir Béal Feirste/Baile Átha Cliath mar gheall ar an gcineál traenach a oibrítear ar na rianta sin.
Agus tú ag cur suíocháin in áirithint ar cheann de na rianta sin- Cliceáil ar ‘Roghnaigh Mo Shuíocháin Féin’
- I gcás ina mbeidh rogha ann maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint, taispeánfar sin mar “Treo Taistil” ar bharr an chóiste atá á thaispeáint chun suíochán a roghnú ann.
- I gcás nach mbeidh traein ag oibriú ina bhfuil rogha ann maidir leis an treo taistil, ní bheidh an rogha sin le feiceáil.
Faraor, ar sheirbhísí agus ar rianta eile, arna n-oibriú ag ár bhflít nua Cóistí Idirchathracha, ní féidir linn rogha a chur ar fáil maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint ós rud é go bhféadfadh na traenacha nua sin a dtreo a athrú ag cúpla láthair ar an líonra traenach.
-
.Níl aon áirithint a rinneadh roimh an 24 Aibreán le feiceáil ar líne. Déan Teagmháil Linn chun na háirithintí a rinne tú roimhe sin a fháil.
-
Féach ar an leathanach dar teideal cealú nó leasuithe le haghaidh tuilleadh eolais.
-
- Cliceáil ar "Mo Chuntas"
- Cuir isteach do seoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh ‘Stair Áirithintí’. Beidh gach áirithint atá déanta agat cheana le feiceáil
- Roghnaigh “Logáil Amach
-
Tá réimse leathan roghanna maidir le ticéid againn, lena dtugtar leibhéil éagsúla solúbthachta duit. Le ‘Táille Solúbtha’ is féidir athruithe nó cealú a dhéanamh ar líne suas le 90 nóiméad roimh imeacht mura ndearnadh an ticéad a phriontáil.
Mura mbeidh custaiméirí cinnte maidir lena bpleananna fillte, moltar do chustaiméirí dhá áirithint éagsúla a dhéanamh ós rud é go bhféadfadh dhá chéim an turais a bheith san áireamh ar an ticéad fillte céanna.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na roghanna éagsúla atá ar fáil i ndáil le ticéid, cliceáil anseo: Míniú ar Thicéid
-
Má cheannaíonn tú ticéad Íseal nó ticéad Leathsholúbtha don dáta mícheart ní chuirfimid ar ceal é saor in aisce ach má thugann tú comhairle dúinn laistigh de 30 nóiméad* ón uair a íoctar as an áirithint agus má thaispeánann tú cruthúnas go bhfuil áirithint nua** déanta agat don turas céanna ach ar dháta(í) éagsúil/éagsúla.
1) Déan áirithint nua don dáta / do na dátaí cearta don turas céanna. Diúltófar iarratais gan uimhir áirithinte nua.
2) Déan teagmháil lenár nIonad Glaonna trí fón
3) Bíodh na sean-sonraí áirithinte réidh agat, chomh maith leis na cinn nua, ionas go mbeifear in ann d’iarratas a phróiseáil.
Má tharlaíonn sé seo lasmuigh d’uaireanta oscailte an ionaid glaonna ní mór don chustaiméir:
1) Áirithint nua a dhéanamh don dáta / do na dátaí cearta don turas céanna. Diúltófar iarratais gan uimhir áirithinte nua.
2) Déan teagmháil linn trínár bhfoirm gréasáin*** ag iarraidh
• Aisíocaíocht de bhun botún áirithinte.
• Déan tagairt don seanuimhir áirithinte.
• Déan tagairt don uimhir áirithinte nua. Diúltófar iarratais gan uimhir áirithinte nua.
3) Le linn na laethanta beaga ina dhiaidh, déanfaidh ball foirne an t-éileamh ar aisíocaíocht a scrúdú agus tabharfaidh sé comhairle duit maidir leis an toradh.
**Caithfidh do stampa ama an áirithinte nua a bheith níos déanaí ná an áirithint mhícheart. Ní ghlacfar le háirithintí a rinneadh roimh an áirithint mhícheart.
***Ní bheidh Iarnród Éireann freagrach as aon éilimh maidir le ríomhphoist arna seoladh iad nó nach bhfuarthas iad. Déantar an fhoirm gréasáin a thaifeadadh faoi dhó, agus tá ár dtaifid críochnaitheach.
Is féidir áirithintí Iomlán-Solúbtha a chealú tríd an gcuid “M’Áirithint” suas le 90 nóiméad roimh don am imeachta sa chás nach bhfuil an ticéad clóite.
Seachas sin, tá feidhm docht ag na gnáth téarmaí agus coinníollacha. -
Má tá áirithint déanta agat ar líne agus má bhfuair tú uimhir áirithinte ag deireadh an phróisis íocaíochta, ba cheart go gcuirfear r-phost deimhniúcháin duit laistigh de 60 nóiméad.
Mura bhfuair tú r-phost laistigh den tréimhse ama sin, breathnaigh faoi ‘Turscar’ nó ‘Bruscar’ i do chuntas r-phoist, os rud é go bhféadfadh sé tarlú go bhfuil an r-phost i do bhosca isteach ach cuir cuireadh isteach i gceann de na fillteáin sin faoi thimpiste é.
Téigh go dtí Bainistigh m’Áirithint chun an r-phost deimhniúcháin a athsheoladh.
Mar rogha eile, is féidir do stair áirithintí a sheiceáil ar do chuntas Iarnród Éireann;- Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
- Cuir isteach do sheoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar ‘Logáil Isteach’
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce nó Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh ‘Stair Áirithintí’. Beidh gach áirithint atá déanta agat go dtí seo le feiceáil. Déan nóta den uimhir áirithinte chun go mbeidh tú in ann do thicéad a bhailiú
- Roghnaigh ‘Logáil Amach’
Tabhair faoi deara, má dhéanann tú cuntas a chruthú leis an seoladh r-phoist mícheart, seolfar an ríomhphost deimhniúcháin go dtí an seoladh r-phoist mícheart.
-
Más rud é gur chuir tú sonraí uile do chárta isteach ar an leathanach íocaíochtaí agus go ndeachaigh tú tríd an chuid slán 3D freisin, agus más rud é nár taispeánadh an leathanach dearbhaithe deiridh, agus d’uimhir áirithinte léirithe ann, is féidir leat a sheiceáil an bhfuil d’áirithint déanta i gceart ach na céimeanna seo a leanas a leanúint;
• Cliceáil ar "Mo Chuntas"
• Líon isteach do “Sheoladh R-phoist" agus do “Phasfhocal", cliceáil ar "Logáil Isteach"
• Cliceáil ar "M’Áirithintí". Liostálfar ann na hidirbhearta go léir atá déanta leis an seoladh ríomhphoist sin
• Más rud é gur críochnaíodh an áirithint, beidh sé le feiceáil sa chéad áit ar an liosta
• Mura bhfuil aon áirithintí nua le feiceáil ann, molaimid iarracht a dhéanamh an áirithint a dhéanamh den athuair toisc go mbeadh sé le feiceáil i do chuntas láithreach dá mba rud é gur éirigh leat é a dhéanamh
-
Má tá fadhbanna agat logáil isteach chun d’áirithint a leasú nó féachaint air, cinntigh go bhfuil tú ag cur an Uimhir Thagartha Áirithinte isteach agus tú ag logáil isteach ar 'm’Áirithint a Bhainistiú'.
Is é 8 ndigit d’uimhir thagartha áirithinte, go ginearálta ag tosú le 6, agus is é 11 dhigit d’Uimhir Bhailithe Ticéad atá i ndeimhniú do ríomhphoist agus úsáidtear í chun do thicéad a bhailiú ó Mheaisíní Díola Ticéad i stáisiúin. Uimhir áirithinte shamplach: '66789123'.
Cinntigh freisin gurb é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil an ceann a úsáidtear nuair atá an áirithint á dhéanamh.
Má tá deacracht fós agat déan teagmháil linn.