How can we help?

Níl ticéid ar fáil ar líne, cén fáth?


Tá roinnt cúiseanna ann nach mbeidh tú in ann turas atá roghnaithe agat a chur in áirithint.  Seo thíos roinnt de na cúiseanna nach bhfuil ticéid ar fáil - 
  1. Tá na ticéid atá uait (Táille Íseal, Táille Leath-Sholúbtha agus Táille Sholúbtha) díolta amach ar líne.
  2. Tá dáta na háirithinte atá roghnaithe níos mó ná 90 lá sa todhchaí. Ní féidir áirithint a dhéanamh ach suas le 90 lá roimh ré.
  3. Tá an t-iarratas ar áirithint á dhéanamh níos lú ná 60 nóiméad sula n-imeoidh an traein.
  4. Tá an chéad stáisiún nó an stáisiún cinn scríbe atá roghnaithe agat sa cheantar bruachbhailteach agus d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeifear in ann iad a chur in áirithint ar líne. Ba cheart ticéid do na láithreacha sin a cheannach ag do stáisiún áitiúil ag an oifig thicéad nó ag an meaisín ticéad (MT)
  5. D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfuil na dátaí sin ar fáil mar gheall ar oibreacha innealtóireachta atá beartaithe. A luaithe is a fhoilseofar an sceideal athbhreithnithe beidh na seirbhísí sin ar fáil arís.
  6. Tá fadhb teicniúla ann leis an gcóras áirithinte.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad na gCainéal Digiteacha nó leis an bhFoireann um Chúram Custaiméirí.
 
Barr