SailRail - Téigh chuig an Fhrainc ar an Traein agus ar an mBád Farantóireachta

Tairgeann ticéid SailRail luach iontach

Tairgeann ticéid SailRail luach iontach

le haghaidh taistil ó aon stáisiún Iarnród Éireann chun na Fraince.

Ceannaigh Anois

Déanann ticéid Rail and Sail do thurais go hÉirinn chomh simplí agus is féidir. Sin an fáth a bhfuil cinneadh déanta againn dul i gcomhar le Irish Ferries, chun rogha chompordach eile a thabhairt duit seachas eitiltí agus tú ag taisteal ó Éirinn chun na Fraince.

Téigh ar thraein ó aon stáisiún Iarnród Éireann | Irish Rail go Calafort Bhaile Átha Cliath agus ansin lean ar aghaidh le do thuras ar bhád farantóireachta trasna Mhuir Éireann le do thicéid Rail and Sail. Is eispéireas taistil saor, saor ó strus é don teaghlach ar fad. Agus tá sé éasca freisin! An bhfuil fonn ort teacht? Faigh tuilleadh eolais thíos.

Buntáistí

  • Táillí ísle cinnte agus amanna taistil laghdaithe ó thús deireadh do thurais
  • Gan cánacha ceilte
  • Gan srianta nó táillí bagáiste
  • Lúide 50% i gcás leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois agus tá leanaí faoi bhun 4 bliana d'aois saor in aisce
  • Seirbhísí Farantóireachta tapa agus nua-aimseartha

Treoir Phraghsála

  • Droichead Átha chuig Cherboug, An Fhrainc ó €92 gach bealach
  • Cill Chainnigh chuig Cherboug, An Fhrainc ó €98 gach bealach
  • Gaillimh chuig Cherboug, An Fhrainc ó €103 gach bealach

Ceannaigh do Thicéad SailRail

Ar Líne

Is é an bealach is éasca chun do thicéid SailRail a cheannach ná ar líne tríd an suíomh gréasáin Irish Ferries

Ar an Teileafón

Ag Stáisiún de chuid Iarnród Éireann

Moltar do chustaiméirí a dturas a chur in áirithe roimh ré. Déan Teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil. De rogha air sin, buail isteach chuig ceann ar bith de na stáisiúin seo a leanas de chuid Iarnród Éireann:

Is féidir do thicéad SailRail a cheannach ó na stáisiúin seo a leanas de chuid Iarnród Éireann: Baile Áth Luain, Corcaigh, Stáisiún Uí Chonghaile - Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Airne, Luimneach, Gabhal Luimnigh, Mala, Sligeach, Durlas, Trá Lí, nó Cathair na Mart. Chun amanna oscailte a fháil, téigh chuig ar mír 'Aimsigh Stáisiún'.

Top