Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Oibreacha Tríú Páirtí Iarnród Éireann

Uaireanta bíonn daoine nó gníomhaireachtaí seachtracha ag iarraidh oibreacha a dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar an iarnród. Tá a lán samplaí éagsúla de sin, idir píopaí a leagan faoin iarnród agus droichid nó struchtúir eile a thógáil thar an líne. Sa chomhthéacs seo, tugaimid “tríú páirtithe” ar dhaoine dá leithéid.

Tá oibleagáid curtha, leis an Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, ar gach duine a dhéanann aon oibreacha ar an iarnród nó gar dó cinnte a dhéanamh nach méadófar an riosca don iarnród ar aon tlí mar thoradh ar na hoibreacha sin.

Ar mhaithe leis an fhorbairt náisiúnta, tá sé mar aidhm ag IÉ oibreacha tríú páirtí a éascú go tráthúil agus leasanna an iarnróid a chosaint, arb é an tsábháilteacht ceann de na cinn is príomhúla, dar ndóigh.

Tá caighdeáin ullmhaithe againn mar eolas do thríú páirtithe lena léirítear na príomhphróisis chun riachtanais IÉ a chomhlíonadh.

Treoir CCE-TMS-310 ar Oibreacha Tríú Páirtí

Ba chóir féachaint ar seo ag tús báire. Tá réamhthreoir do thríú páirtithe ann maidir le:

  • Cad is féidir a bheith ag súil leis
  • Cé ba cheart teagmháil a dhéanamh leis
  • Conas is féidir cead a fháil chun na hoibreacha a dhéanamh
  • Cad iad na gníomhaíochtaí as a ngearrtar táillí
  • An oiread faisnéise forlíontaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, leithéidí ráiteas modhanna, ceaduithe dearaidh agus na monatóireachta ar ghluaiseachtaí

Treoir ar Oibreacha Tríú Páirtí

DEP-0121 Oibreacha Tríú Páirtí: Sonraí Breise maidir le Ceanglais Sábháilteachta Iarnróid

Tá comhairle chuimsitheach ar fhadhbanna sábháilteachta ar fáil le linn na gcéimeanna pleanála agus tógála.

Sonraí Breise maidir le Ceanglais Sábháilteachta Iarnróid

An Cúrsa Oiliúna um Shábháilteacht Iarnróid Pearsanta Conraitheora (PTS) agus na Riachtanais Míochaine

PTS Conraitheoirí IÉ - UASDÁTA

PTS Conraitheoirí IÉ - OILIÚINT

Nuair a bhíonn gá leis an oiliúint ann, is féidir iarratas a chur isteach trí r-phost chuig contractor.pts@irishrail.ie lena mbailíochtú (déan na treoirlínte iarratais maidir le Foirm Iarratais PTS Conraitheoirí IÉ a sheiceáil le do thoil). TABHAIR FAOI DEARA NACH nGLACTAR LE hIARRATAIS A BHFAIGHTEAR SA PHOST A THUILLEADH.

Tá leagan CIANFHOGHLAMA de chúrsa oiliúna PTS Conraitheoirí IÉ ar fáil anois (féach na riachtanais theicniúla), bainimid úsáid as MICROSOFT TEAMS chun an oiliúint seo a sholáthar. Bíonn líon teoranta d’áiteanna ar fáil gach uile sheachtain. Tá an leagan is déanaí de na foirmeacha iarratais ar fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.irishrail.ie/About-Us/Iarnrod-Eireann-Infrastructure/third-party-works

Má tá práinn le do riachtanas oiliúna, moltar duit an phointe teagmhála / bainisteoir tionscadail atá agat in Iarnród Éireann cás gnó a chur faoi bhráid an Ionaid Oiliúna, agus breactha amach ann an cineál riachtanais oiliúna atá i gceist. Déanfar na háiteanna atá ar fáil a leithdháileadh de réir riachtanas gnó, ar bhonn cás ar chás. Déanfaimid ár ndícheall i gcónaí gach iarratas oiliúna a éascú chomh tapa agus is féidir.

Tuigimid in Iarnród Éireann go mbeidh leibhéil éagsúla taithí agus cumais theicniúil ag na daoine ainmnithe éagsúla. Mar gheall ar an ról tábhachtach atá ag an teicneolaíocht sa chianfhoghlaim, ní mór do na daoine ainmnithe a bheith in ann an teicneolaíocht oiriúnach a úsáid ar an íosleibhéal ar a laghad. Glactar leis gur chóir íos-scileanna ríomhaireachta a bheith ag na daoine ainmnithe.  Ba cheart go mbeadh cur amach ag na daoine ainmnithe ar conas r-phost a úsáid agus ar conas an t-idirlíon a bhrabhsáil.

Faoi láthair, táimid i mbun tabhairt faoin próiseas an ghnáth-oiliúint duine-le-duine a chur ar ais i bhfeidhm, ach amháin go mbeidh teorainn curtha leis an líon daoine a mbeidh in ann freastal ar gach aon chúrsa, agus os rud é gur féidir leis an staid cúrsaí ó thaobh Covid-19 de a athrú go han-tapa, molaimid chomh maith gur cheart do na daoine ainmnithe leis a bheith réidh chun na riachtanais teicneolaíochta don CHIANFHOGHLAIM a shásamh ar eagla nach mbeifear in ann leanúint ar aghaidh leis an oiliúint duine-le-duine.  Tá sé beartaithe faoi láthair go mbeidh an dá chlár oiliúna ar fáil.

Maidir leis an oiliúint duine-le-duine, tá riachtanas ann anois nach mór gach uile ainmní Foirm Oiliúna PTS Tosaithe - Covid-19 do Chonraitheoirí IÉ a chomhlánú nach mór í a chur isteach 3 lá roimh don dáta oiliúna dearbhaithe chuig contractor.pts@irishrail.ie

RIACHTANAIS THEICNIÚLA

NASC IDIRLÍN:

Beidh rochtain ag teastáil ó gach duine ainmnithe ar ríomhaire le nasc idirlín. Moltar go mór rochtain leathanbhanda ardluais (LAN, Cábla nó DSL) a fháil chun an t-eispéireas foghlama is fearr is féidir a bheith ar fáil agat.

Ríomhaire:
Córas Oibriúcháin Comhoiriúnach: Windows 7, 8 nó 10
Brabhsálaí Gréasáin: Internet Explorer 11, Microsoft Edge nó Google Chrome (an leagan is déanaí)

MAC:
Córas Oibriúcháin Comhoiriúnach: OS X
Brabhsálaí Gréasáin: Safari (an leagan is déanaí), Firefox (an leagan is déanaí) nó Google Chrome (an leagan is déanaí)

TAIBLÉAD:

Android: Comhoiriúnach le táibléad Android

Teoranta do na ceithre mhórleagan is deireanaí de Android

iOS: Comhoiriúnach le iPad

Teoranta don dá mhórleagan is deireanaí d’iOS

Chun an t-eispearas is fearr a bheith agat le Teams, bain úsáid as an leagan is déanaí de iOS agus Android.

Cé go bhféadfadh sé go mbeidh tú in ann cuid den chúrsa oiliúna a chríochnú ar fhón cliste, mar sin féin ní féidir aon ráthú a thabhairt go n-oibreoidh siad i ngach cuid dem mar gheall ar fhadhbanna comhoiriúnachta. Déan cinnte de go bhfuil ríomhaire réidh agat, nó táibléad bunaithe ar Mac, chun an cúrsa oiliúna a chríochnú.

FÍSEÁN:

Ceamara gréasáin comhoiriúnach (Beifear ag baint úsáid as na Ceamaraí Gréasáin le linn an chláir oiliúna, níl cead agat an seisiún oiliúna a thaifeadadh)

GUTH:

Micreafón agus callairí comhoiriúnacha, gléas cinn a bhfuil micreafón air, nó feisteas eile dá choibhéis (beifear ag úsáid na micreafóin le linn an chláir oiliúna, níl cead an seisiún oiliúna a thaifeadadh)

Seiceáil an leathanach seo ó am go chéile toisc go mbeifear ag uasdátú an teachtaireacht seo de réir mar a athraíonn an Éigeandáil Náisiúnta um an gCoróirvíreas.

Le gach dea-ghuí go bhfanfaimid slán,
Rannán Oiliúna agus Forbartha IM

 

Ceanglaítear ar oibrithe tríú páirtí a mbíonn gá acu a bheith ag obair ar an líne iarnróid nó in aice leis freastal ar Chúrsa Oiliúna um Shábháilteacht Iarnróid Pearsanta Conraitheora (PTS) IÉ atá curtha ar fáil ag Iarnród Éireann (IÉ) agus teastas Sábháilteachta Iarnród Pearsanta (PTS) a bheith acu. Is féidir foirm iarratais PTS Conraitheoir IÉ a fháil ach cliceáil ar an nasc seo. 

Sula bhfreastalaítear ar an gCúrsa Oiliúna (PTS) caithfidh tú na caighdeáin mhíochaine atá leagtha amach ag an bPríomhoifigeach Leighis Iarnród Éireann a shásamh de réir mar atá siad leagtha amach i dTreoirlínte Leighis PTS do Chonraitheoirí IÉ. Is féidir foirm mhíochaine PTS Conraitheoirí IÉ a fháil ach cliceáil ar an nasc seo. Éilítear ar an lucht freastail ionchasach Foirm Oiliúna PTS Tosaithe do Chonraitheoirí IÉ (Covid-19) a chomhlánú.

Moltar do thríú páirtithe socrú a dhéanamh i dtaca leis sin i bhfad roimh don am a bhfuil sé i gceist ag a gcuid bpearsanra dul ar an líne iarnróid nó in aice leis, agus é sin a chur san áireamh san amchlár le haghaidh an tionscadail. 

CCE-TRK-SPN-010 Oibreacha Tríú Páirtí: Sonraíocht maidir le Faireachán Gluaiseachta ar an Rian

Tugann sé seo ceanglais maidir leis an monatóireacht ar ghluaiseachtaí ar an iarnród, más rud é go bhfuil gá leis sin.

An tsonraíocht maidir leis an Monatóireacht ar Gluaiseachtaí ar an Iarnród

Barr