Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí Líne DART+ an Iarthair
Tá rannpháirtíocht an phobail ina príomhghné de sheachadadh mórthionscadal bonneagair ar nós DART + Líne Mhaigh Nuad. Tá trí phríomhdheis ann aiseolas a thabhairt ar phróiseas faofa na forbartha scéime agus an Ordaithe Iarnróid mar atá mínithe thíos:
- Comhairliúchán Poiblí Uimh.1 An Rogha is Dealraithí a Roghnófar (R3 2020 - An Chéim Reatha)
- Comhairliúchán Poiblí Uimh.2 An Rogha Is Fearr (R4 2020)
- Tréimhse Comhairliúcháin Reachtúil mar chuid den phróiseas iarratais ar Ordú Iarnróid (R2 2021)
Tarraingítear aird orthu seo i bhfoirm ghrafach thíos:
Grafaic lena dtaispeántar rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas roghnaithe, dearaidh agus Ordú Iarnróid
Click link on image for an accessible version of the graph
Glacfar le haiseolas ón bpobal le linn gach céim den fhorbairt dearaidh agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, seoladh ríomhphoist, líne fóin nó trí chomhfhreagras i scríbhinn. Le haghaidh tuilleadh sonraí féach an chuid 'Conas páirt a ghlacadh'.
Tugann Iarnród Éireann cuireadh don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas dearaidh agus tá fáilte roimh gach aiseolas
COVID-19
Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 cuireadh srian orainn imeachtaí faisnéise poiblí a reáchtáil nó cruinnithe duine le duine a dhéanamh. Táimid ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Poiblí digiteach ar an Rogha Is Dealraithí a Roghnófar, ach de réir mar a éascaíonn srianta tá súil againn go mbeimid in ann bualadh le grúpaí pobail agus comhlachtaí áitiúla go pearsanta roimh imeacht faisnéise poiblí (seó bóthair) chun an Rogha is Fearr a chur i láthair san Fhómhar in 2020