Comhairliúchán Poiblí
Comhairliúchán Poiblí Iarnróid na hUaimhe ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar
Tá an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar dúnta anois. Gabhaimid buíochas le gach duine a chuir aighneacht isteach.
Leis an nasc sin tabharfar thú chuig suíomh gréasáin nua (eu.simplystakeholder.com) chun an fhoirm freagartha a chomhlánú
Cad is Iarnród na hUaimhe ann?
Is é atá i gceist le hIarnród na hUaimhe ná síneadh ar ghréasán Iarnród Éireann. Leis an iarnród nua seo cuirfear iompar poiblí rialta, iontaofa agus inbhuanaithe ar fáil idir an Uaimh agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, trí Ollpháirc M3.
Sainaithnítear an tionscadal seo mar bheart tábhachtach i Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI). Tá forbairt Iarnróid na hUaimhe faoi réir ag maoiniú agus ag cead pleanála.

An Bealach is Dealraithí a Roghnófar d’Iarnród na hUaimhe
Tairbhí an Tionscadail
Cuirfear go leor tairbhí ar fáil le hIarnród na hUaimhe, lena n-áirítear:
- Síneadh DART+ go dtí an Uaimh - Beidh Iarnród na hUaimhe ina shíneadh ar DART+ ó Ollpháirc M3 lena dtabharfar seirbhísí iarnróid leictrithe thar a bheith rialta agus ardtoillte paisinéirí chuig an Uaimh.
- Nascacht Fheabhsaithe - Tríd an tionscadal seo cuirfear iompar poiblí comhtháite ar fáil agus nascfar pobail feadh an bhealaigh le gréasán iarnróid, tram agus iompair phoiblí níos leithne na hÉireann atá ag méadú. Is í an Uaimh an baile is mó in Éirinn nach bhfuil suite faoi láthair ar ghréasán Iarnród Éireann.
- Fás & Forbairt a Éascú - Le hIarnród na hUaimhe déanfar soláthar tithíochta a éascú mar aon le forbairt eacnamaíoch do phobail feadh an bhealaigh atá molta.
- Taisteal ar Iarnród Leictrithe - Le hiarnród leictrithe na hUaimhe spreagfar roghanna iompair inbhuanaithe, ag tacú leis an aistriú go sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide agus spleáchas ar charranna príobháideacha á laghdú.
- Rochtain Leathnaithe ar Sheirbhísí - Trí Iarnród na hUaimhe leathnófar rochtain na bpobal áitiúil ar fhostaíocht, ar oideachas, ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí eile ar fud an bhealaigh atá molta. Leis an tionscadal seo éascófar taisteal ar iompar poiblí chuig Contae na Mí ar mhaithe le comaitéireacht, caitheamh aimsire agus turasóireacht.
.png)
Príomhghnéithe Iarnród na hUaimhe
An Bealach is Dealraithí a Roghnófar agus Stáisiúin Traenach Nua
Is conair leathan é an Bealach is Dealraithí a Roghnófar ina ndéanfar an t-iarnród atá molta mar aon le stáisiúin, páirceáil agus bonneagar gaolmhar eile a láithriú.
Cuireadh próiseas láidir roghnaithe rogha céim ar chéim i gcrích chun an Bealach is Dealraithí a Roghnófar a shainaithint. Mar chuid den phróiseas sin, sainaithníodh bealach 34km ar fad lena nasctar an Uaimh agus Ollpháirc M3, chomh maith le ceithre láthair do stáisiúin nua ag an Uaimh Thuaidh, an Uaimh Láir, Cill Mheasáin agus Dún Seachlainn.
Le do chuid aiseolais mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo cuideofar le beachtú na conaire sin agus le sainaithint an Bhealaigh Roghnaithe a chuirfear chun cinn chuig céim na pleanála (iarratas ar ordú Iarnróid).
Íoslódálacha agus Naisc Úsáideacha
Conas a bheith Rannpháirteach
Tá an fhoireann tionscadail ar fáil chun ceisteanna ar bith a fhreagairt a d’fhéadfadh a bheith agat faoi Iarnród na hUaimhe. Chun teagmháil a dhéanamh, nó chun aighneacht a dhéanamh chuig an gcomhairliúchán, is féidir leat:
- Ríomhphost a sheoladh chugainn ag navan@irishrail.ie
- Glaoch a chur orainn ar (01) 7034451
- Scríobh chuig Tionscadal Iarnróid na hUaimhe, Iarnród Éireann, Teach Mhargadh an Fhéir, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, D07 CF98
- Tar chuig ceann amháin dár n-imeachtaí comhairliúcháin
Na Chéad Chéimeanna Eile
Tá Iarnród na hUaimhe ag luathchéim na forbartha. Ar feadh na míonna le teacht, breithneofar gach aiseolas a chuirfear isteach chuig an gcomhairliúchán poiblí agus cuirfear obair dheartha bhreise agus staidéir timpeallachta i bhfeidhm. Sa chéad chéim eile sainaithneofar an Bealach Roghnaithe.
Ansin déanfar iarratas ar Ordú Iarnróid (cosúil le hiarratas pleanála) chuig an gCoimisiún Pleanála a ullmhú agus a thaisceadh.
Déanfaidh Iarnród Éireann a dhícheall chun an t-eolas is déanaí a thabhairt do pháirtithe leasmhara uile de réir mar a rachaidh an tionscadal trí na céimeanna forbartha.

Bearta chun Tionscadal Iarnród na hUaimhe a chur i gcrích

