Comhairliúchán Poiblí 2 

Fáilte go hIarnród na hUaimhe 

Tá Iarnród na hUaimhe, ceangal iarnróid nua atá beartaithe idir an Uaimh agus Ollpháirc M3, á fhorbairt ag Iarnród Éireann lena ndéanfar ceangal leis an ngréasán iarnróid atá ann cheana i dtreo Bhaile Átha Cliath. 

Mar shíneadh ar DART+, leis an iarnród atá beartaithe soláthrófar rogha iompair phoiblí rialta, iontaofa agus inbhuanaithe, lena bhfeabhsófar nascacht idir pobail agus lena dtacófar le fás amach anseo i gContae na Mí. 

Bhí an chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar ar siúl idir Bealtaine agus Iúil 2026. Fuarthas líon iomlán de 1,520 aighneacht fhoirmiúla ó bhaill an phobail, ó úinéirí talún, ó ghnólachtaí, ó ghrúpaí pobail agus ó pháirtithe leasmhara eile. 

Rinneadh an t-aiseolas a fuarthas le linn an chéad chomhairliúcháin a thaifeadadh sa Tuarascáil ar Thorthaí Comhairliúchán Uimh. 1 den Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil, ina gcuirtear léargas ar fáil ar phróiseas an chomhairliúcháin, ar na haighneachtaí a fuarthas agus ar na príomhthéamaí arna n-ardú. 

Féach ar Thuarascáil ar Thorthaí Comhairliúchán NSPC1 

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an aiseolas, rinneadh measúnuithe innealtóireachta, pleanála iompair agus timpeallachta ina dhiaidh sin agus shainaithin Iarnród Éireann Bealach Roghnaithe don tionscadal. 

Cuirtear síos ar na measúnuithe a rinneadh ón gcéad bhabhta den Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil san “Athbhreithniú Teicniúil ar Aiseolas ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar” lena n-áirítear iad sin ar a bhfuil leasuithe ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar ina dtoradh agus iad siúd nach bhfuil. 

Féach ar Athbhreithniú Teicniúil ar Aiseolas ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar 

Tugtar cuireadh do bhaill an phobail a dtuairimí agus a n-aiseolas a chomhroinnt ar an mBealach Roghnaithe  chun cuidiú le bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile d’fhorbairt dearaidh an tionscadal. 

An Bealach Roghnaithe 

Chuir aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí agus measúnuithe teicniúla breise bonn eolais faoin mBealach Roghnaithe. Leanfar le hailíniú an bhealaigh, le láithreacha stáisiún nua agus leis an mbonneagar gaolmhar a fhorbairt agus a mhionchoigeartú i rith na chéad chéime eile den tionscadal. 

Preferred Route Ma - Dual Language

Cuir do Thuairim in Iúl- Comhairliúchán Poiblí ar an mBealach Roghnaithe  

Tréimhse an Chomhairliúcháin: 12 Samhain go dtí an 10 Nollaig 2026. Glacfar le haighneachtaí suas go dtí am scoir, 17:00 ar an 10 Nollaig 2026. 

Cuir Aighneacht isteach. 

Buail le foireann an tionscadail chun níos mó a fháil amach faoin mBealach Roghnaithe agus ceisteanna a chur. 

Cuir do Thuairim in Iúl- Comhairliúchán Poiblí ar an mBealach Roghnaithe  
Láthair Dáta Am
An Uaimh - Ionad Ealaíon Solstice  18 Samhain 2026 16:00–20:00
Cill Mheasáin - Óstán Theach an Stáisiúin 24 Samhain 2026 16:00–20:00 
Dún Seachlainn - An tIonad Tréadach  03 Nollaig 2026 15:00–20:00 
Seimineár Gréasáin ar Líne 01 Nollaig 2026 19:00

Cláraigh don Seimineár Gréasáin ar Líne 

Conas a bheith Rannpháirteach  

Tá foireann an tionscadail ar fáil chun ceisteanna ar bith a fhreagairt a d’fhéadfadh a bheith agat faoi Iarnród na hUaimhe. Chun teagmháil a dhéanamh, nó chun aighneacht a dhéanamh chuig an gcomhairliúchán, is féidir leat:  

Leis an nasc sin tabharfar thú chuig suíomh gréasáin nua (eu.simplystakeholder.com) chun an fhoirm freagartha a chomhlánú 

  • Tar chuig ceann amháin dár n-imeachtaí comhairliúcháin 

Na Chéad Chéimeanna Eile 

  • Déanfaidh an fhoireann tionscadail athbhreithniú cúramach ar an aiseolas uile a gheofar le linn an chomhairliúcháin phoiblí seo agus cuideoidh  sé le bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile den tionscadal.  
  • Cuirfear measúnachtaí timpeallachta i bhfeidhm ar idirghabhálacha feadh an bhealaigh iomláin. 
  • Leanfar le teagmháil le húinéirí réadmhaoine agus le páirtithe leasmhara eile ar feadh tréimhse an tionscadail.  
  • Tar éis an t-aiseolas a fuarthas a bhreithniú agus tar éis moltaí dearaidh a fhorbairt a thuilleadh, déanfar iarratas ar Ordú Iarnróid (cosúil le hiarratas pleanála) a ullmhú agus a thaisceadh leis an gCoimisiún Pleanála (CP).  
  • Tar éis an t-iarratas ar Ordú Iarnróid a thaisceadh, reáchtálfaidh an Coimisiún Pleanála comhairliúchán reachtúil trínar féidir aiseolas breise a chur isteach chuig an gCoimisiún. 

Bearta chun Tionscadal Iarnród na hUaimhe a chur i gcrích

Ceisteanna Coitianta 

Forbhreathnú ar an Tionscadal

Comhairliúchán Poiblí 1 

An Bealach, Stáisiúin agus Rochtain

Tionchair ar Réadmhaoin agus ar Thalamh 

Comhairliúchán agus Rannpháirteachas 

Pleanáil, an Timpeallacht & na Chéad Chéimeanna Eile 

Barr