Ní féidir. Má théann tú ar bord traenach gan thicéad bailí, eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Is féidir, téigh go dtí an Leathanach Táillí le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir, tá breiseán Luas ar fáil do chustaiméirí ag atá taisteal ar sheirbhísí iarnróid. Ní mór ach ‘Baile Átha Cliath Uí Chonghaile’ a roghnú más ‘Baile Átha Cliath Heuston’ túsphointe nó ceann scríbe na seirbhíse atá roghnaithe agat. Roghnaigh ‘Baile Átha Cliath Uí Chonghaile’ más ‘Baile Átha Cliath Heuston’ an túsphointe nó ceann scríbe agat. Is féidir breathnú ar thúsphointí agus cinn scríbe na seirbhísí ar Léarscáil na Rianta Idirchathraigh.
Mar shampla; Más ag taisteal ó Corcaigh atá tú, roghnaigh ‘Baile Átha Cliath Uí Chonghaile’ don bhreiseán Luas. Nó más ag taisteal ó Sligeach atá tú, roghnaigh ‘Baile Átha Cliath Heuston’ don bhreiseán Luas.
Leis an ticéad Luas is féidir le custaiméirí taisteal ar an Líne Dhearg Luas idir Baile Átha Cliath Heuston agus Baile Átha Cliath Uí Chonghaile/Duga Sheoirse nó ar Dublin Bus 90 agus 145 go Sráid Líosáin ar an dáta nó ar na dátaí ar an ticéad amháin.
Costas: €1.70 an bealach
Ar fáil ó: irishrail.ie mar thúsphointe nó ceann scríbe
Ar fáil ó: Meaisíní ticéad nó oifigí ticéad ag dul isteach i mBaile Átha Cliath amháin.
Ní féidir ticéid a cheannach ar an traein ach amháin i gcás ina mbeidh an oifig ticéad dúnta agus ina mbeidh na meaisíní ticéad as feidhm.
Eolas Covid 19 - Ón 30 Márta 2020, chun scaradh sóisialta a áirithiú, agus ar mhaithe le cách a choinneáil slán, ní bheifear in ann suíocháin a chur in áirithint faoi láthair go dtí go dtabharfar fógra dá mhalairt. Ciallaíonn sé sin nach gcuirfear suíocháin in áirithint ar fáil le haon thicéad a cheannaítear ar líne agus ní bheidh an ticéad ‘Áirithint Suíocháin Amháin’ ar fáil.
Is féidir suíochán atá ag féachaint i dtreo faoi leith a chur in áirithint ar sheirbhísí díreacha áirithe idir Corcaigh/Baile Átha Cliath agus ar gach seirbhís idir Béal Feirste/Baile Átha Cliath mar gheall ar an gcineál traenach a oibrítear ar na rianta sin.
Agus tú ag cur suíocháin in áirithint ar cheann de na rianta sin
Faraor, ar sheirbhísí agus ar rianta eile, arna n-oibriú ag ár bhflít nua Cóistí Idirchathracha, ní féidir linn rogha a chur ar fáil maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint ós rud é go bhféadfadh na traenacha nua sin a dtreo a athrú ag cúpla láthair ar an líonra traenach.
Ní féidir, seirbhís um roinnt agus filleadh caranna is ea GoCar. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé riachtanach an GoGar a fhilleadh ar an GoBase ónar bhailigh tú é. Is é is cúis leis sin ná a chinnitú go mbeidh an carr ar fáil i gcónaí ag an GoBase ceart nuair a gcuirtear GoCar in áirithint. Mar thoradh, fíor rogha mhalartach ar úinéireacht carra is ea GoCar.
NO. Smoking is prohibited on all trains, offices and enclosed station areas. Iarnród Éireann treats replacement devices such as e-cigarettes in an identical manner to traditional cigarettes and they cannot be used onboard trains, within offices or in enclosed station areas.
Is féidir, tá Leap ePurse ar fáil anois i gCorcaigh. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar an Leathanach Táillí
.Níl aon áirithint a rinneadh roimh an 24 Aibreán le feiceáil ar líne. Déan Teagmháil Linn chun na háirithintí a rinne tú roimhe sin a fháil.
Is féidir. Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe an ticéad a bhaint uait agus féadfar é a úsáid mar fhianaise i gcás nach n-íocfar an Fógra Íocaíochta Socraithe agus ina ndéanfar an cás a ionchúiseamh ós comhair na cúirte.