Róil duine le duine i leith Eispéireas an Chustaiméirí – Ag glacadh le hiarratas anois!
Is am spreagúil é a bheith i do bhall ar ’Aon Fhoireann Amháin’ de chuid Iarnróid Éireann Irish Rail. Leanann an eagraíocht ar aghaidh le pleananna fáis uaillmhianacha, lena n-áirítear an Straitéis um Eispéireas an Chustaiméara a bhfuil tionchar dearfach suntasach aici cheana féin ar na custaiméirí atá i gcroílár ár ngnó. Is gné ríthábhachtach do rath na straitéise seo ná a chinntiú, mar chuideachta, go bhfuil na daoine is fearr againn chun freastal ar róil duine le duine atá ríthábhachtach. Mar sin táimid ag glacadh le hiarratais le haghaidh roinnt post ar fud an ghréasáin.
Mar bhall foirne in Iarnród Éireann - Irish Rail beidh ról lárnach agat san eagraíocht chun turas an chustaiméara ó thús deireadh, gan uaim a chur ar fáil, le hobair chomhtháite agus chomhoibríoch mar bhonn agus mar thaca leis. Bainfidh tú an sprioc seo amach trí thosaíocht a thabhairt do shábhailteacht i gcónaí.
Cuirfidh na hiarrthoiri a n-eireoidh leo, ardleibhéal dhíograise madir le hoibriú i dtimpeallacht um sheirbhís do chustaiméirí i láthair, agus chomh maith leis sin ba chóir go mbeadh siad an-spreagtha le hoibriú i dtimpeallacht atá dírithe ar rialacha agus go bhfuil siad gafa le bheith ag obair i dtimpeallachta ina bhfuil an-bhéim ar shábhailteacht agus
Táthar ag glacadh le hiarratais anois do na rólanna seo a leanas:
- Oifigeach / Óstach um Sheirbhís Chustaiméara, ar bord traenach (Iliomad áiteanna)
- Oifigeach um Chosaint Ioncaim (Mórcheantar Bhaile Átha Cliath)
- Oibrí Stáisiúin (Mórcheantar Bhaile Átha Cliath)
Seo a leanas cuid de bhuntáistí iontacha na cuideachta atá againn DUITSE!
- Tuarastal tarraingteach & deiseanna gairme - tuarastal idir €35k agus €60k in aghaidh na bliana ar fáil, (ag brath ar an ról atá i gceist).
- Deis a bheith ag obair le soláthraí iarnróid náisiúnta na hÉireann – eagraíocht a bhain an 3ú háit amach i liosta na bhFostóirí is Fearr na hÉireann 2023!
- Deis chun sárscileanna um eispearas an chustaiméara a fhoghlaim i dtimpeallacht uathúil atá bunaithe ar chomhlíonadh sábháilteachta ríthábhachtach a bhaint amach - buaicphointe foghlama agus don CV!
- Cur lenár dtiomantas chun a chinntiú go mbeidh an t-iarnród ar an modh taistil intíre is glaise
- Pinsin Cuideachta, Leanúnachas Ioncaim & Scéimeanna Leasa
- Rochtain ar an gClár Sláinte agus Folláine
- Táillí laghdaithe ar fud an ghréasáin
- Rochtain ar Chláir Forbartha Tallainne
- Tacaíocht Breisoideachais
- Tionscnaimh um Chothromaíocht Oibre is Saoil
- *Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil teacht ar chuid de na bhuntáistí thuaslusite i gcás fostaíocht bhuan.
Ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo a léiriú go bhfuil na scileanna riachtanacha seo a leanas acu:
- Barr Feabhais i leith Custaiméirí
- Díograiseach chun rialacha a leanúint agus chun tabhairt faoi sheiceálacha
- Dírithe ar ghníomhartha a bhaint amach
- Dírithe ar shábhailteacht
- Bheith in ann obair ar fhoireann agus a bheith solúbtha
- Scileanna éifeactacha cumarsáid
Is próiseas roghnúcháin ilchéimeanna a bheidh i gceist leis seo, lena n-áirítear iarratas agus tástáil ar líne ar dtús, measúnuithe duine le duine, agallamh bunaithe ar inniúlachtaí, agus seiceálacha maidir le leigheas agus teistiméireachtaí. D'fhéadfadh painéal de na hiarrthóirí oiriúnacha a bheith á choinneáil le haghaidh folúntas amach anseo.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ón Luan, an 16 Meitheamh, 2025 ar aghaidh.
Má tá suim agat cur isteach ar ról, le do thoil, cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan iarratas anois’ atá ar an leathanach seo.
In Iarnród Éireann Irish Rail táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Tosaíonn sé seo leis an gcaoi a ndéanaimid daoine a earcú. Tá sé tábhachtach dúinn go mbraitheann gach duine go gcuirtear fáilte roimhe inár n-eagraíocht agus bímid an-chúramach maidir le cothrom na Féinne do chách a chinntiú.
Déanfaimid ár ndícheall cóiríocht réasúnta a chur ar fáil do gach iarrthóir nuair is gá agus nuair a iarrtar sin. Is fostóir comhdheiseanna muidne agus ní dhéanaimid idirdhealú in aghaidh aon fhostaí ná iarratasóir ar fhostaíocht mar gheall ar chine, eitneachas, gnéas, aois, reiligiún, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú ná míchumas.
Applications are welcomed from Monday, June 16th 2025. If you are interested in applying, please submit your application by clicking the Apply Now button below before June 29th.