Inbhuanaitheacht Timpeallachta
Táimid ag trasfhoirmiú ár ngnó chun tionchair ar an dtimpeallacht a íoslaghdú agus chun na tairbhí don timpeallacht a uasmhéadú. Tá roinnt bealaí ann chun ár spriocanna a bhaint amach:

Dícharbónú an Iarnróid
Leagtar amach i bPlean Gníomhaithe Corparáideach ar son na hAeráide 2023 go 2030 de chuid Iarnród Éireann an conair chun go mbainfidh an chuideachta laghdú 51% ar astaíochtaí amach faoin mbliain 2030.
Cuirfear an plean uaillmhianach ar fáil fad is a leathnófar seirbhísí iarnróid chun tacú le hathrú módach faoi Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais, agus táthar ag súil le turais paisinéirí de 80 milliún in aghaidh na bliana faoi 2030, suas ó 50.1 milliún turas roimh COVID, agus dúbailt ar mhéideanna lasta iarnróid a bhfuiltear ag súil leo.
Bainfear amach an laghdú 51% ar astaíochtaí trí:
- Spleáchas laghdaithe ar dhíosal trí bhreoslaí malartacha ar flíteanna atá ann cheana
- Aistriú chuig flít faoi thiomáint leictreach
- Giniúint fuinnimh ghlais agus comhaontuithe cumhachta ceannaigh chorparáidigh
- Flít agus oibreacha tógála chun ár n-ídiú fuinnimh a laghdú

Cá háit as a dtagann astaíochtaí Iarnród Éireann?
Sa bhliain 2022, b'ionann breosla díosail a ídíodh trí oibríochtaí iarnróid agus bóthair agus 85% d'astaíochtaí foriomlána na cuideachta. Tá sé ríthábhachtach dár gconair dícharbónaithe a bheith ag brath ar bhreosla díosail a laghdú.
Chun an sprioc earnála poiblí, maidir le laghdú 51% ar astaíochtaí faoin mbliain 2030, a bhaint amach, ní mór d’Iarnród Éireann a chuid comh-astaíochtaí bliantúla Scóip 1 agus 2 a laghdú go dtí thart ar 70,800 tona, agus gnóthaí paisinéirí agus lastais iarnróid a fhorbairt ag an am céanna. Cuidíonn sé seo leis an sprioc náisiúnta chun astaíochtaí iompair a laghdú ar fud na tíre.
Léigh mionsonraí iomlána Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Iarnród Éireann.
Bhí 144,400 tona de CO2 i gceist le hastaíochtaí comhcheangailte gás ceaptha teasa (Scóip 1 agus 2) Iarnród Éireann don bhunlíne in 2018.
Is ionann na hastaíochtaí seo agus thart ar 1% d’astaíochtaí náisiúnta iompair (SEAI).
Leagtar amach inár Straitéis Laghdaithe Astaíochtaí Scóip 3 an chaoi a bhfuilimid ag dul i ngleic lenár n-astaíochtaí indíreacha carbóin, arna dtáirgeadh ag soláthraithe, conraitheoirí agus geallsealbhóirí eile ar fud an tslabhra soláthair, agus an chaoi a mbainfimid neodracht charbóin amach faoi 2050.
Athrú Aeráide agus Athléimneacht Iarnróid
Tá gréasán agus seirbhísí Iarnród Éireann - Irish Rail i gcroílár chóras iompair na hÉireann.
Ciallaíonn tionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide gur dúshlán leanúnach agus athraitheach d'Iarnród Éireann - Irish Rail é seirbhísí iarnróid ar ardchaighdeán a sholáthar, le linn tarluithe adhaimsire.
Mar gheall ar an athrú aeráide, tá tarluithe adhaimsire níos minice agus níos déine ann agus leibhéil na farraige ag ardú, borradh stoirme cósta, gaotha níos láidre agus arduithe teochta, rud a chiallaíonn geimhreadh níos fliche agus samhraí níos tirime. D'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu siúd ar fad ar bhonneagar iarnróid, rud a fhágann go gcuirfear isteach go mór ar sheirbhísí do chustaiméirí.

Tá Iarnród Éireann - Irish Rail tiomanta d'fheabhas a chur ar athléimneacht iarnród na hÉireann i leith tionchair aimsire agus aeráide agus dá réir sin feabhas a chur ar fheidhmíocht sábháilteachta, oibriúcháin agus airgeadais agus eispéireas níos fearr a sholáthar do chustaiméirí.
Chun an t-iarnród a chosaint, ní mór gníomhaíochtaí oiriúnaithe aeráide a leabú inar bpróiséis lena n-áirítear cothabháil an fhlít agus an bhonneagair iarnróid agus oibríochtaí agus nósanna imeachta traenach.
Léigh na sonraí ar fad i Straitéis Oiriúnaithe Aeráide Iarnród Éireann - Irish Rail agus san fhíseán thíos féach tuilleadh i leith na ngníomhaíochtaí a dhéanann an fhoireann chun an gréasán a choinneáil ag feidhmiú.
Our company Energy Policy gives an overview of our commitment to reducing our energy consumption through energy improvements.
Bainistíocht Timpeallachta
Tá ranna Iarnród Éireann a bhfuil tionchar suntasach timpeallachta acu deimhnithe go dtí an caighdeán idirnáisiúnta um Bainistíocht Timpeallachta (ISO 40001:2015). Tá sé de fhreagracht orainne tionchar ár ngníomhaíochtaí ar an dtimpeallacht a íoslaghdú, chomh fada agus is féidir, agus ár n-ídiú acmhainní nádúrtha a laghdú.
I measc roinnt príomhthionscnaimh leanúnacha comhshaoil tá:
- Láithreáin a bhí truaillithe go stairiúil a fheabhsú
- Feabhsuithe ar éifeachtúlacht breosla innill traenach
- Úsáid breoslaí malartacha amhail bithbhreoslaí, AdBlue, ola glasraí hidreachóireáilte (HVO), agus Hidrigin
- Feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgnimh
- Bearta maolaithe torainn
- Cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh de stáisiúin
- Úsáid lotnaidicídí a laghdú
- Feabhas a chur ar chórais leithscartha dramhaíola
- An Geilleagar Ciorclach agus cláir laghdaithe dramhaíola
- Pleananna bainistíochta uisce dár láithreacha.
Leagtar amach inár mBeartas Comhshaoil ár dtiomantais chun ár dtionchair ar an gcomhshaol a laghdú. Tá tuilleadh eolais ar ár ngníomhartha bainistíochta comhshaoil le fáil inár straitéis Inbhuanaitheacht faoi Bhealach go dtí 2030.
Bainistíocht Dramhaíola agus Geilleagar Ciorclach
Táimid tiomanta dár sprioc 2030 maidir le hathchúrsáil 70 faoin gcéad de gach dramhaíl, ginearálta agus tógála. Tá sé mar sprioc againn freisin go dtiocfaidh 25 faoin gcéad de cheannacháin amhábhar ó fhoinsí athchúrsáilte agus go dtabharfaidh gach conradh le haghaidh diúscairt trasnáin conartha tús áite d'athúsáid an ábhair.
Cinntíonn ár gcleachtais soláthair inbhuanaithe go n-iarrann gach sonraíocht conartha d'ábhair mhóra roghanna glasa le hualú ag céim na meastóireachta tairisceana i bhfabhar an rogha atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
Is féidir leat tuilleadh a léamh ar ár gcleachtais soláthair inbhuanaithe agus ar ár dtionscnaimh chiorclacha inár Straitéis um Inbhuanaitheacht faoi Bhealach 2024 - 2030.

Bithéagsúlacht a Chosaint agus a Fheabhsú
Leis an teorainn feadh ár líonra iarnróid a chuimsíonn níos mó ná 4000km ar fud na hÉireann, is é an tábhacht is mó dúinn ná an tábhacht a bhaineann leis na tírdhreacha agus na huiscebhealaí éagsúla a oibrímid a chosaint.
Tá roinnt clár i bhfeidhm againn atá dírithe ar fheabhsú na bithéagsúlachta agus ar chosaint an chomhshaoil nádúrtha.
- Bainistiú fásra ina bhfuil speicis ionracha i láthair & cosaint speiceas.
- Investment in Afforestation. Planting of 100 acres of native woodland as part of a carbon mitigation plan for our Net Zero Work Site project.
- Pleananna pailneoirí ag gach stáisiún mar chuid den Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí, tá sé seo i bhfeidhm anois ag trian dár stáisiúin.
- Gairdíní glasraí i stáisiúin Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart
The company's Biodiversity Guidelines along with the Biodiversity Action Plan provide comprehensive information to all staff on how to protect and enhance the natural environment - including animal, plant and marine life - encountered in the management of maintenance of tracks, stations, bridges, signalling and electrical equipment.
The railway corridor, for both passenger and freight services, passes through a range of different land types and requires regular maintenance of tracks, stations, bridges, signalling and electrical equipment. These Biodiversity Guidelines, along with our Biodiversity Policy, will ensure all essential works carried out consider the complete ecosystem at any location and ensure works are carried out without interfering with or having impact on the surrounding environment.
Seo é ár n-éiceolaí le sampla den scoth den chaoi a gcosnaímid an éiceachóras uisce le linn oibreacha droichid.


