Beartas Inrochtaineachta don DART, agus do Thraenacha Comaitéireachta Mhaigh Nuad, Chorcaí agus an Tuaiscirt
Tá beartas nua inrochtana criosaithe feabhsaithe ag Iarnród Éireann chun seirbhís níos fearr agus amanna freagartha níos gasta a sholáthar d’úsáideoirí inrochtaineachta DART, líne Mhaigh Nuad, líne Chorcaí agus Sheirbhísí Comaitéireachta an Tuaiscirt, agus ar líne Conghaile, Baile Átha Cliath go Baile Brigín chomh maith. Leis an beartas seo, déantar na 31 stáisiún ar an líne DART, ar líne Mhaigh Nuad agus ar líne Chomaitéireachta an Tuaiscirt a roinnt ina 13 chrios, agus idir stáisiún amháin agus ceithre stáisiún i ngach aon cheann díobh. Maidir le líne Comaitéireachta Chorcaí, tá 10 stáisiún roinnte in aon chrios amháin. Beidh foireann i gcónaí i stáisiún amháin laistigh de gach uile chrios (stáisiún Moil) agus tabharfaidh sé sin tacaíocht do na stáisiúin eile sa chrios sin (stáisiúin nach moil iad).
Córas na Mol Sainmhínithe
- Is éard is stáisiún Moil ann ná ionad a bhfuil foireann le fáil ann / is éard is stáisiún Neamh-mhoil ann ná ionad nach bhfuil foireann le fáil ann
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le stáisiún Moil roimh ré chun cúnamh a shocrú le haghaidh gach aon phaisinéir lagaithe soghluaisteachta, nó is féidir teagmháil a dhéanamh lenár n-ionad Cúraim Chustaiméirí de rogha air sin
- Taispeántar sonraí teagmhála sa halla áirithinte (féach an sampla ó Cois Bá thíos) don Mhol is gaire leat, is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi thíos.
- Sa chás go dtagann paisinéir le lagú soghluaisteachta a dteastaíonn cúnamh uaidh chuig stáisiún nach Mol é gan teagmháil a bheith déanta roimh ré, féadfar teagmháil a dhéanamh leis na huimhreacha a thaispeántar don Mhol nó don Mhol Malartach is gaire leat, áit a ndéanfaidh an t-oibrí iarnróid socrú chun taisteal le cúnamh a thabhairt duit
Treoir Céim ar Chéim um an Inrochtaineacht ar sheirbhísí DART, agus ar Thraenacha Comaitéireachta Mhaigh Nuad, Chorcaí agus an Tuaiscirt
- Roghnaigh thíos ón Liosta dár Stáisiúin Imeachta an stáisiún óna mbeidh tú ag imeacht agus treorófar tú chuig an gCrios ábhartha, mar mhalairt air sin, cliceáil ar an nasc seo chun cairt na gcriosanna a fheiceáil
- Nuair atá an Crios ábhartha aimsithe agat, de réir na treoracha, glaoigh ar an uimhira ghabhann leis an gCrios ar leith sin (féach Uaireanta Teagmhála na Stáisiún) agus cuir an bhall foirne ar an eolas faoi do chuid sonraí taistil ceithre huaire an chloig roimh ré, mar atá inmholta
- Ansin, nuair a shroicheann tú an stáisiún imeachta, cuir an fhoireann ar an eolas go bhfuil tú ann agus cinnteoidh siad go dtéann tú ar bord an traein agus go dtuirlingíonn tú ag do stáisiún cinn scríbe slán sábháilte
Uaireanta Teagmhála na Stáisiún
- Luain go hAoine: 06:00uair - 24:00uair
- Dé Satharn: 07:00uair - 24:00uair
- Dé Domhnaigh: 09:00uair - 24:00uair
Chun tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil ár dTreoir um Inrochtaineacht Feabhsaithe ar an DART, nó de mhalairt air sin, cén fáth nach mbainfeá triail as ár dtreoir phóca.
Zone 1 Departure Stations |
---|
Greystones Bray Shankill |
Zone 2 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6240 or (087) 9467402 for: |
Killiney Dalkey Glenageary
|
Zone 3 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6180 or (087) 7388718 for: |
Sandycove and Glasthule Salthill and Monkstown Dún Laoghaire
|
Zone 4 Departure Stations |
---|
Call (01) 888 0187 or (087) 6579384 for: |
Seapoint Blackrock Booterstown Sydney Parade
|
Zone 5 Departure Stations |
---|
Call (01) 888 0184 or (087) 1895324 for: |
Sandymount Lansdowne Road
|
Zone 6 Departure Stations |
---|
Call (01) 703 3633 or (086) 8034661 for: |
Grand Canal Dock Dublin Pearse
|
Zone 7 Departure Stations |
---|
Call (01) 888 0154 or (087) 9132417 for: |
Tara Street |
Zone 8 Departure Stations |
---|
Call (01) 703 2358 for: |
Dublin Connolly |
Zone 9 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6460 or (087) 1528919 for: |
Clontarf Road Killester
|
Zone 10 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6800 or (087) 7003869 for: |
Harmonstown Raheny Kilbarrack |
Zone 11 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6840 or (087) 6013199 for: |
Howth Junction and Donaghmede Bayside
|
Zone 12 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6920 or (087) 1958283 for: |
Sutton Howth
|
Zone 13 Departure Stations |
---|
Call (01) 828 6960 or 087 6534532 for: |
Clongriffin Portmarnock Malahide
|
Commuter Stations |
---|
Call (01) 703 2507 or 087 1994083 for: |
Ashtown Broombridge Drumcondra |
Call (01) 888 0049 or 087 6539509 for: |
Castleknock Clonsilla Coolmine Leixlip Confey Navan Road Parkway |
Call (01) 888 3400 or 087 2074641 for: |
Leixlip Louisa Bridge Maynooth |
Call (01) 828 1360 or 087 3350067 for: |
Balbriggan Donabate Rush and Lusk Skerries |
Call (01) 8366 222 for Cork Commuters (07:00 -19:00 Mon - Fri (excluding public holidays) 08:00 -18:00 Sat and Sun including Bank Holidays): |
Carriagloe Carrigtwohill Cobh Cork Fota Glouthaune Little Island Mallow Midleton Rushbrook |
Useful Information
- Aural and Visual
- Car Parking
- Contact Us
- Gate
- Guide Dogs
- Ramps
- Wheelchairs and Powered Scooters
- Passenger Assistance Prototype App
Aip Fréamhshamhla um Chúnamh do Phaisinéirí
Táimid ag féachaint anois ar bhealach nua a aimsiú ina mbeidh ár gcustaiméirí ina nn seirbhísí taistil cuidithe a chur in áirithe ar aip fhréamhshamhla lena mbeifear in ann an taithí a fheabhsú do chách, agus seirbhís cúnaimh a chur ar fáil do phaisinéirí atá níos sruthlínithe agus níos éifeachtaí. Táimid ag lorg paisinéirí faoi láthair chun an aip fhréamhshamhla seo a thástáil. Féach anseo chun teacht ar thuilleadh eolais faoi.
Clos-fhaisnéis agus Amharc-fhaisnéis
Tá scáileáin faisnéise leictreonacha agus / nó fógartha poiblí ag gach uile stáisiún DART.
Páirceáil Carranna
Níl páirceáil ar fáil ag gach stáisiún DART, ná ag gach stáisiún comaitéarachta Mhaigh Nuad agus an Tuaiscirt, faigh amach faoin stáisiún ar leith roimh duit taisteal. Maidir le stáisiúin a bhfuil carrchlós ann, tá spásanna páirceála ainmnithe acu do shealbhóirí Cártaí Páirceála na hEorpa. Cuirtear ar fáil iad i suíomh áisiúil duit ar dhromchla coincréite nó tarra, le colbhaí íslithe agus cosáin neamhsleamhain, nuair is cuí.
Geata
Tá bacainní ticéad uathoibrithe i ngach stáisiún DART, agus i ngach stáisiún comaitéireachta Mhaigh Nuad agus an Tuaiscirt, agus ar a laghad aon gheata amháin sna stáisiúin sin atá níos leithne le haghaidh úsáideoirí cathaoireacha rothaí nó do dhaoine eile a bhfuil sé sin ag teastáil uathu. Fágtar aon gheata amháin ar oscailt i gcónaí nuair nach bhfuil foireann sa stáisiúin.
Madraí Treorach
Tá cead ag madraí treorach / cúnta atá i mbun oibre nó atá i mbun oiliúna taisteal ar sheirbhísí uile Iarnród Éireann gan srian, fad is atá siad inaitheanta go soiléir i gcónaí le cóta nó le húim.
Rampaí
Bainfidh ár bhfoireann úsáid as rampaí chun cabhrú leat agus tú ag tuirling ónár dtraenacha, nó ar bord orthu, más gá. Moltar réamhfhógra 4 uair an chloig chun a chinntiú gur féidir an fhoireann a ath-imlonnú chun cabhrú leat ar dul ar bord ár seirbhísí, nó tuirling díbh.
Tá bearna idir an t-ardán agus na carráistí i roinnt stáisiúin a d'fhéadfadh deacrachtaí a chruthú do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu nó a bhfuil laga gluaiseachta acu agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cúnamh ag teastáil nuair a théann tú ar bord na traenach nó amach as an traein.
Cathaoireacha Rothaí agus Scútair
Chumhachtaithe
De réir mar atá raon leathan de chineálacha scútar ar fáil, bíonn fadhbanna i gceist le go leor acu ar thraenacha, agus nach mbítear in ann iad a bhogadh timpeall an charráiste go sábháilte.
Mar gheall ar na fadhbanna seo, fágtar go bhfuil roinnt scútar nach bhfuiltear in ann iad a chur ar bord an traein, más úsáideoir scútair tú atá ag iarraidh taisteal ar an traein, ba cheart duit do stáisiún imeachta a chur ar an eolas agus tú i dteagmháil leo lena chinntiú go mbeifear in ann freastal ar an scútar atá agat féin.