Clár Iarchéime Comhshaoil

Mar chuid den chlár comhshaoil do chéimithe, beidh deis ag ár gcéimithe eolas agus meas a fhorbairt ar na gníomhaíochtaí Comhshaoil a dhéantar ag Iarnród Éireann.

Is é príomhfhócas an chláir Córas Bainistíochta Comhshaoil a chruthú agus a chur i bhfeidhm dár Ranna Oibríochtaí agus Bonneagair.

Éileoidh sé seo, rioscaí agus maolaithe comhshaoil a chinneadh, athbhreithnithe a dhéanamh ag stáisiúin agus áiteanna oifige éagsúla ar fud na tíre agus caighdeáin agus nósanna imeachta a scríobh go teicniúil.

Barr