Kishoge
Tá obair ar siúl ar athchóiriú Stáisiún na Ciseoige agus táthar ag súil go n-osclófar é i samhradh na bliana 2024 agus go mbeidh sé ar an 146ú stáisiún ar an líonra. Tá an Stáisiún nua suite ar líne chomaitéireachta Phort Laoise idir stáisiúin Bhaile Adaim agus Chluain Dolcáin Chnoc an Fhuaráin agus freastalóidh sé ar phobail Chluain Buiríosa chomh maith le pobail atá ann cheana féin ina chúlchríoch.
Nuair a bheidh DART+ an Iardheiscirt críochnaithe, freastalóidh seirbhís DART ar an stáisiún. Nuair a osclófar é, freastalóidh seirbhísí comaitéireachta Phort Laoise air.
Críochnaíodh an Stáisiún in 2009, ach mar gheall ar chúinsí eacnamaíochta, níor éirigh leis an bhforbairt a rabhthas ag súil léi a bheith ann timpeall an stáisiúin dul chun cinn. Tá an fhorbairt seo faoi lánseol anois. I measc na n-oibreacha atá á maoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair tá:
- Sciúradh an stáisiúin
- Deisiúcháin ar dhromhchlú na n-ardán agus slí dhála
- Foirgneamh agus gloiniú an stáisiúin a dheisiú agus a uasghrádú
- Trealamh meicniúil agus leictreach a dheisiú agus a uasghrádú.
- Suiteáil stáisiún nua agus comharthaíocht treochomharthaíochta
- Athchóiriú na n-ardaitheoirí