At The Station - GoCar FAQ
Má tharlaíonn timpiste bóthair agus tú ag úsáid GoCar, cuir glaoch ar na Gardaí i dtosach. A luaithe is a bheidh tuairisc iomlán faighte ag na Gardaí, cuir glaoch ar GoCar ar 01 844 1969 nó leis an gconsól sa charr chun iad a chur ar an eolas maidir leis an timpiste. Más gá, seolfaidh siad ionadaí go dtí láthair na tionóisce.
Agus tú ag bailiú GoCar iarrtar ort breathnú timpeall ar an gcarr. Má thugann tú aon damáiste faoi deara, déan an bhileog tuairiscithe damáiste i ndoras an tiománaithe a sheiceáil. Mura bhfuil tuairisc ar an damáiste ar an mbileog, cuir glaoch ar GoCar ar 01 844 1969 chun iad a chur ar an eolas agus déan an damáiste a mhairceáil sa leabhar.
Níl gá glaoch a chur má tá an damáiste luaite sa leabhar cheana. Féadfaidh tú leanúint le do thuras. Má shroicheann tú GoCar agus tá sé thar a bheith salach, cuir glaoch orthu chun iad a chur ar an eolas agus déanfar iarracht GoCar eile a sholáthar duit más mian leat.Should you have any issues when using GoCar you can contact them on 01 844 1969 or on their website at www.gocar.ie
Ní féidir, seirbhís um roinnt agus filleadh caranna is ea GoCar. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé riachtanach an GoGar a fhilleadh ar an GoBase ónar bhailigh tú é. Is é is cúis leis sin ná a chinnitú go mbeidh an carr ar fáil i gcónaí ag an GoBase ceart nuair a gcuirtear GoCar in áirithint. Mar thoradh, fíor rogha mhalartach ar úinéireacht carra is ea GoCar.
Tá treoirlínte maidir le réiteach fadhbanna liostaithe ar an iatán sa lámhainnbhosca, déan iad sin a léamh i dtosach. Is minic go mbíonn réiteach simplí ar an bhfadhb. Tá gné sábháilteachta breise ag formhór GoCaranna agus bíonn gá an chrág a oibriú go hiomlán sula dtosóidh an t-inneall. Fadhb chomónta eile is ea nuair nach gcuirtear an PIN ceart isteach, i gcás ina gceapann tú go bhfuil an PIN mícheart curtha isteach agat, cuir na heochracha ar ais agus déan an carr a chur faoi ghlas arís le do GoCard. Fán nóiméad nó mar sin agus bain triail as an bpróiseas arís!
Má tá tú fós i bponc ina dhiaidh sin, cuir glaoch ar 01 844 1969 láithreach agus seolfar duine amach chun cabhrú leat más gá sin.Córas ‘Cláraigh agus Tiomaint’ is ea GoCar. Chun aon GoCar a thógáil amach ar cíos ní mór duit clárú leis an seirbhís GoCar i dtosach. Tá sé éasca clárú! Ní le déanamh ach clárú ar líne ag www.gocar.ie agus an fhoirm a líonadh amach. Iarrfar ort ansin grianghraif nó cóip scanáilte de do cheadúnas tiomána a sheoladh isteach. Má líonann tú isteach an fhoirm ar líne agus má sheolann tú do cheadúnas isteach roimh 4i.n. Luan-Aoine cuirfear do GoCard sa phost ar an lá céanna! A luaithe is a bheidh do GoCard agat féadfaidh tú GoCaranna a chur in áirithint aon áit i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Féadfaidh tú GoCar a chur in áirithint idir 5 nóiméad agus 6 seachtainí roimh ré, ag braith ar na caranna atá ar fáil.
A luaithe is a bheidh carr curtha in áirithint agat, féadfaidh tú dul go dtí an GoCar atá roghnaithe agat agus do GoCard a chur suas i gcoinne an ghaothscátha. Fan go dtí go n-osclóidh na doirse agus ansin léim isteach! Cuir do PIN isteach sa chonsól sa lámhainnbhosca, tóg na heochracha agus ar aghaidh leat! Nuair a bheidh tú críochnaithe le do GoCar, tabhair ar ais é ag an GoBase ónar bhailigh tú é, cuir na heochracha ar ais sa lámhainnbhosca agus bí cinnte an carr a chur faoi ghlas le do GoCard.

