Clár Iarchéime sa Chomharthaíocht, Leictreachas agus Teileachumarsáid (SET)
Tá os cionn 438 ball foirne sa roinn comhartha, leictreach agus teileachumarsáide ag obair ar chothabháil, dearadh, suiteáil, tástáil agus comhlíonadh. Tá 31,500 Sócmhainn SET acu sa chóras bainistíochta sócmhainní, chríochnaigh siad 20,000 ordú um obair chothabhála choisctheach in 2019 agus d’fhreagair siad 7,400 locht in 2019. Tacaíonn siad lenár n-infheistíochtaí caipitil agus le hathnuachan innealtóireachta sibhialta.
Cuirfidh céimithe roinnt socrúchán oibre i gcrích mar chuid den chlár. Is é aidhm na socrúchán seo taithí chomh leathan agus is féidir a sholáthar don chéimí agus deis a sholáthar chun eolas agus léirthuiscint ar ghníomhaíochtaí SET a dhéantar ag Iarnród Éireann a fhorbairt.
Mairfidh an clár iarchéime SET ar feadh trí bliana. Tosaíonn an clár le dhá mhí d’ionduchtú agus réamhrá coiteann do gach ceann den trí dhisciplín; comharthaíocht, leictriú agus teileachumarsáid. Caithfear ocht mí dhéag i ndisciplín ar leith le trí shocrúchán de thart ar sé mhí i réimse speisialaithe den disciplín ag ligean do na céimithe raon leathan scileanna agus eolais a fháil laistigh den disciplín.
Comharthaíocht
Tabharfaidh an céimí faoi shocrúchán oibre sé mhí sna réimsí seo a leanas:
- Dearadh Comharthaíochta
- Tionscadail Chomharthaíochta
- Cothabháil Chomharthaíochta agus Tacaíocht Theicniúil
Teileachumarsáid
Tabharfaidh an céimí faoi shocrúchán oibre sé mhí sna réimsí seo a leanas:
- Bonneagar Teileachumarsáide
- Seirbhísí Sonraí
- Córais Ghutha
Leictriú
Tabharfaidh an céimí faoi shocrúchán oibre sé mhí sna réimsí seo a leanas:
- OHLE
- Tarraingt
- Dearadh / Tionscadail
Is é an chéim dheiridh den chlár ná socrúchán dhá mhí dhéag i réimse speisialtóra laistigh den disciplín sannta, lena bhforbraítear sainscileanna agus eolas domhain.