Ceardaí Iloilte
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phleananna forbartha suntasacha, tá Iarnród Éireann ag iarraidh cur lenár bhfoirne cothabháil iloilte i gCeardlanna agus Iostaí ar fud Bhaile Átha Cliath agus Dhroichead Átha in 2026.
Táimid ag cur fáilte roimh iarratas ó Leictreoirí, Meicneoirí, Feisteoirí agus ó Oibrithe Ceirde cáilithe chun creatlacha feithicle a dheisiú do roinnt ról i nDroichead Átha agus mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá go leor buntáistí agus deis uathúil le haghaidh cros-oiliúna agus forbartha bainteach le hobair an Oibrí Ceirde in Iarnród Éireann Irish Rail, agus ról ríthábhachtach á imirt agat i gcothabháil ár bhflíteanna.
Féach ar an bhfíseán bolscaireachta atá ceangailte, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil faoinár gCeardlanna / Iostaí agus ról an Oibrí Ceirde Iloilte.
I measc na mbuntáistí a bhaineann le bheith ag obair in Iarnród Éireann Irish Rail tá:
- Tuarastal tarraingteach
- Ról buan a bhfuil na nithe seo a leanas ag baint leis (faoi réir thréimhse phromhaidh chuí)
- Scéimeanna Pinsin agus Leasa
- Clár Folláine
- Táillí laghdaithe ar fud an ghréasáin
- Cláir thacaíochta maidir le breis-ardoideachas i bhfeidhm
- Tionscnaimh Chothromaíochta Oibre is Saoil Tacaíochta agus Forásacha
- Féidearthachtaí maidir le dul chun cinn i dtreo bhealaí gairme éagsúla agus suimiúla
- Dea-chleachtas maidir le hoiliúint ar an láthair oibre inár n-iostaí ardfheidhmíochta nua-aimseartha
- Cur lenár dtiomantas chun a chinntiú go mbeidh an t-iarnród ar an modh taistil intíre is glaise
Seo a leanas na bunriachtanais do na róil seo:
- Creidiúint Leibhéal 6 ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó a choibhéis lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do phrintíseacht le Solas (FÁS roimhe seo) ná printíseacht le City & Guilds.
- 2 bhliain taithí ar a laghad i réimse na ceirde tar éis na hoiliúna nó taithí chuí i dtionscal dá leithéid.
- Beidh iarratasóirí cros-oilte agus beidh orthu obair ar gach córas feithicle agus ar chomhchodanna éagsúla ar na flíteanna traenach i dtimpeallacht ghnóthach.
- Taithí i leith córas leictreach, trealamh tionsclaíoch nó trealamh iompair a chothabháil, (Oibrithe Ceardaíochta Leictreach amháin)
- Bheith in ann léaráidí a léamh, treoracha oibre mionsonraithe agus nósanna imeachta a leanúint.
- Suim a bheith ag iarratasóirí le cinntiú go mbainfear ardchaighdeán oibre amach, agus tá súil seabhaic de dhíth.
- Scileanna chun fadhbanna a réiteach
- Scileanna cumarsáide scríofa agus briathartha
- Cumas láidir uimhearthachta
Beidh measúnachtaí atá criticiúil don tsábháilteacht, agallamh bunaithe ar chumas agus scrúdú dochtúra mar chuid den bpróiseas roghnúcháin. Tabhair faoi deara go bhféadfadh iarrthóirí a chur ar ghearrliosta bunaithe ar athbhreithniú ar na CVanna a chuirtear isteach. Má tá suim agat iarratas a chur isteach, cliceáil ar an gcnaipe ‘Iarratas a Dhéanamh’ ar an leathanach seo.
In Iarnród Éireann Irish Rail táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Tosaíonn sé seo leis an gcaoi a ndéanaimid daoine a earcú. Tá sé tábhachtach dúinn go mbraitheann gach duine go gcuirtear fáilte roimhe inár n-eagraíocht agus bímid an-chúramach maidir le cothrom na Féinne do chách a chinntiú.
Déanfaimid ár ndícheall cóiríocht réasúnta a chur ar fáil do gach iarrthóir nuair is gá agus nuair a iarrtar sin. Is fostóir comhdheiseanna muidne agus ní dhéanaimid idirdhealú in aghaidh aon fhostaí ná iarratasóir ar fhostaíocht mar gheall ar chine, eitneachas, gnéas, aois, reiligiún, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú ná míchumas.






