Booking Online - 3D Secure FAQ
Tá an próiseas fíordheimhnithe 3D Secure comhtháite gan stró isteach inár bpróiseas cuntair amach ar líne agus de ghnáth ní chuirfidh sé ach cúpla soicind leis an ngnáth-am idirbhirt. Creidimid gur praghas beag é seo le híoc as cosaint mhéadaithe dár gcustaiméirí.
Baineann bainc úsáid as fíordheimhniú 3D Secure chun cosc a chur ar chalaois cárta ar líne. Úsáideann bainc an próiseas chun idirbhearta ar líne a dhéanamh níos sláine. I gcásanna áirithe, ní dhéanann bainc an próiseas fíordheimhnithe ach rachaidh an t-idirbheart ar aghaidh mar is gnáth.
- Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
- Cás 2a - MASTERCARD: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhainc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, beidh 3 iarracht agat dul tríd an bpróiseas 3D Secure – ar an gceathrú iarracht iarrfar ort an t-idirbheart a chríochnú trí pasfhocal 3D Secure a chlárú.
- Cás 2b - VISA: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhanc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, ní mór duit an t-idirbheart a chríochnú trí phasfhocal 3D Secure a chlárú – níl dara rogha ann dul thar an gcéim seo.
- Agus tú ag clárú don chéad uair, ní mór duit a dheimhniú gur tusa an sealbhóir cárta trí roinnt ceisteanna slándála a roghnóidh do bhainc a fhreagairt (e.g. sloinne do mháthair roimh phósadh di, teorainn do chárta creidmheasa, d’uimhir CCV, dáta éaga do chárta, i measc ceisteanna féidearthachta eile)
- Má éiríonn leat, roghnaigh pasfhocal 3D Secure, meabhrúchán don phasfhocal agus beannacht phearsanta
- Mura éiríonn leat, ní mór duit glaoch a chur ar an mbanc a d’eisigh do chárta (ag braith ar d’eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat do phasfhocal a chur isteach)
- Leis an mbeannacht phearsanta féadfaidh tú a bheith muiníneach de go bhfuil tú ar shuíomh gréasáin iontaofa agus tú ag déanamh idirbheart 3D Secure ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin eile a bhfuil 3D Secure i bhfeidhm air.
- Cás 3 – GACH CÁRTA: I gcás ina mbeidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta agus ina mbeidh pasfhocal 3D Secure cláraithe agat cheana (ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin 3D Secure eile), ní mór duit do phasfhocal a chur isteach chun an t-idirbheart a chríochnú. Beidh an bheannacht phearsanta a roghnaigh tú cheana le feiceáil (e.g. fáilte romhat ar ais, a Sheáin) chun a chur in iúl duit go bhfuil tú ar leathanach iontaofa 3D Secure. Má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal, tá rogha ann do phasfhocal a athshocrú. Ag braith ar an eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat an pasfhocal ceart a chur isteach.
- Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
Níl, faraor. Mar rogha eile, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Glaonna chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Is féidir tuilleadh eolais maidir le 3D Secure a fháil ach teagmháil a dhéanamh le do bhainc eisiúna nó leis na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
- Verified by Visa - Eolas agus Gníomhachtú
- Verified by Visa - Taispeántas ar conas Verified by Visa a úsáid (Breiseán Flash ag teastáil)
- MasterCard® SecureCode™ – Míniú, Síniú Suas agus Taispeánta
I gcás nár éirigh leat íocaíocht a dhéanamh le 3D Secure, déan teagmháil leis an mbeolíne díolacháin ag (0)1 836 6222 (idir 8.30-18.00, Luan go hAoine) chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Má bhain tú úsáid as 3D Secure cheana chun táirge no seirbhís a cheannach, iarrfar ort do phasfhocal a chur isteach le linn an phróisis íocaíochta. Beidh cleachta agat ar an bpróiseas sin.
Prótacal is ea 3D Secure a úsáidtear mar shlándáil bhreise agus íocaíocht á dhéanamh le cártaí creidmheasa agus cártaí dochair ar líne. Déantar an méid sin trí chéim fhíordheimhnithe bhreise a chur ar fáil i gcomhair íocaíochtaí ar líne; pasfhocal.
Visa a d’fhorbair an tseirbhís agus tugadh “Verified by Visa” air. Ansin rinne MasterCard seirbhís a fhorbairt bunaithe ar an bprótacal céanna dar teideal “MasterCard® SecureCode™”. Cruthaíodh é chun slándáil íocaíochtaí ar líne a fheabhsú trí chéim slándála bhreise a chur ar fáil do chustaiméirí roimh dóibh idirbheart a dhéanamh ar líne. Cruthaítear pasfhocal mar chuid de sin. Is féidir a chinntiú leis sin nach bhfuil do chárta creidmheasa á úsáid go calaoiseach ós rud é nach mbeidh an pasfhocal ar eolas ag duine ar bith eile seachas tusa.
An chéad uair a dhéanfaidh tú idirbheart agus 3D Secure i bhfeidhm, cuirfear go dtí suíomh ghréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú. Roimh duit leanúint ar aghaidh iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a chruthú. Tá an méid sin comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Ná luaigh do phasfhocal do dhuine ar bith eile – féadfaidh tú a bheith cinnte de ansin go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh síos do phasfhocal in áit ar bith.
Murar bhain tú úsáid as 3D Secure cheana chun táirge nó seirbhís a cheannach, cuirfear chuig suíomh gréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú agus iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a roghnú. Tá sé seo comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Tá sé tábhachtach nach luann tú an pasfhocal sin do dhuine ar bith eile – ar an mbealach sin, féadfaidh tú a bheith cinnte de go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh do phasfhocal in áit ar bith.
Má tá do phasfhocal 3D Secure dearmadta agat ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc, nó beidh rogha dar teideal ‘Forgotten Password’ nó ‘Retrieve Password’ ar an gcuid den suíomh ag baint le 3D Secure. Lean na treoracha ansin. Ní dhéantar do phasfhocal 3D Secure a choimeád ar aon chóras ríomhaire de chuid Iarnród Éireann; nuair a roghnaigh tú an pasfhocal sin níor sábháladh é ach ar an gcóras ríomhaire i do bhanc. Ní dhéanfaidh Iarnród Éireann teagmháil leat riamh chun ceist a chur maidir le do phasfhocal 3D Secure agus ní fhéadfaimid cabhrú leat pasfhocail 3D Secure atá dearmadta a fháil ar ais.

