Booking Online - Payment FAQ
Tá an próiseas fíordheimhnithe 3D Secure comhtháite gan stró isteach inár bpróiseas cuntair amach ar líne agus de ghnáth ní chuirfidh sé ach cúpla soicind leis an ngnáth-am idirbhirt. Creidimid gur praghas beag é seo le híoc as cosaint mhéadaithe dár gcustaiméirí.
D’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbeidh deacrachtaí ag custaiméirí atá ag déanamh áirithinte le cárta idirnáisiúnta. Ós rud é nach n-úsáideann roinnt cártaí idirnáisiúnta 3D Secure, d’fhéadfadh an banc eisiúna diúltú le hidirbhearta idirnáisiúnta. Más mian leat áirithint a dhéanamh le cárta Meiriceánach, mar shampla, moltar do chustaiméirí a mbanc a chur ar an eolas roimh iarracht a dhéanamh ticéad a cheannach ar irishrail.ie
Baineann bainc úsáid as fíordheimhniú 3D Secure chun cosc a chur ar chalaois cárta ar líne. Úsáideann bainc an próiseas chun idirbhearta ar líne a dhéanamh níos sláine. I gcásanna áirithe, ní dhéanann bainc an próiseas fíordheimhnithe ach rachaidh an t-idirbheart ar aghaidh mar is gnáth.
- Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
- Cás 2a - MASTERCARD: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhainc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, beidh 3 iarracht agat dul tríd an bpróiseas 3D Secure – ar an gceathrú iarracht iarrfar ort an t-idirbheart a chríochnú trí pasfhocal 3D Secure a chlárú.
- Cás 2b - VISA: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhanc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, ní mór duit an t-idirbheart a chríochnú trí phasfhocal 3D Secure a chlárú – níl dara rogha ann dul thar an gcéim seo.
- Agus tú ag clárú don chéad uair, ní mór duit a dheimhniú gur tusa an sealbhóir cárta trí roinnt ceisteanna slándála a roghnóidh do bhainc a fhreagairt (e.g. sloinne do mháthair roimh phósadh di, teorainn do chárta creidmheasa, d’uimhir CCV, dáta éaga do chárta, i measc ceisteanna féidearthachta eile)
- Má éiríonn leat, roghnaigh pasfhocal 3D Secure, meabhrúchán don phasfhocal agus beannacht phearsanta
- Mura éiríonn leat, ní mór duit glaoch a chur ar an mbanc a d’eisigh do chárta (ag braith ar d’eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat do phasfhocal a chur isteach)
- Leis an mbeannacht phearsanta féadfaidh tú a bheith muiníneach de go bhfuil tú ar shuíomh gréasáin iontaofa agus tú ag déanamh idirbheart 3D Secure ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin eile a bhfuil 3D Secure i bhfeidhm air.
- Cás 3 – GACH CÁRTA: I gcás ina mbeidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta agus ina mbeidh pasfhocal 3D Secure cláraithe agat cheana (ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin 3D Secure eile), ní mór duit do phasfhocal a chur isteach chun an t-idirbheart a chríochnú. Beidh an bheannacht phearsanta a roghnaigh tú cheana le feiceáil (e.g. fáilte romhat ar ais, a Sheáin) chun a chur in iúl duit go bhfuil tú ar leathanach iontaofa 3D Secure. Má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal, tá rogha ann do phasfhocal a athshocrú. Ag braith ar an eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat an pasfhocal ceart a chur isteach.
- Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
Níl, faraor. Mar rogha eile, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Glaonna chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Is féidir. Ós rud é nach cártaí pearsanta iad cártaí creidmheasa / íocaíochta comhlachta, déanfar an tseiceáil 3D Secure go huathoibríoch agus ní iarrfar ort pasfhocal 3D Secure a dheimhniú.
Is féidir tuilleadh eolais maidir le 3D Secure a fháil ach teagmháil a dhéanamh le do bhainc eisiúna nó leis na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
- Verified by Visa - Eolas agus Gníomhachtú
- Verified by Visa - Taispeántas ar conas Verified by Visa a úsáid (Breiseán Flash ag teastáil)
- MasterCard® SecureCode™ – Míniú, Síniú Suas agus Taispeánta
Má diúltaíodh do do chárta, ná bí buartha faoi. Tá roinnt cúiseanna simplí ann gur féidir é sin a shoiléiriú:
- Dhiúltaigh banc eisiúna an chustaiméara ár n-iarratas ar n-airgead
- Cuireadh an uimhir mhícheart chárta isteach
- Cuireadh an CVV/CVC mícheart isteach (3 dhigit dheireanacha ar chúl an chárta)
- Tá dáta éaga an chárta caite cheana féin
- Fuair an custaméir cárta nua ach tá sé fós ag úsáid an seanchárta
- Má dhéantar iarracht iomadúil ag baint úsáide as an gcárta céanna, is féidir linn do chárta a bhlocáil, má tharlaíonn sé seo déan teagmháil linn
Má tá fadhbanna agat fós, is féidir teagmháil a dhéanamh linn anseo.
Is féidir. Ós rud é nach bhfuil cártaí dochair réamh-íoctha bainteach le duine faoi leith, déanfar an tseiceáil 3D Secure go huathoibríoch agus ní iarrfar ort pasfhocal 3D Secure a dheimhniú.
Yes, payments are taken before card verification. The refund is issued automatically if the verification is unsuccessful so the customer doesn’t have to request it.
I gcás nár éirigh leat íocaíocht a dhéanamh le 3D Secure, déan teagmháil leis an mbeolíne díolacháin ag (0)1 836 6222 (idir 8.30-18.00, Luan go hAoine) chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Úsáideann an chuid is mó de Bhainc an AE 3D Secure nó ceann éigin atá cosúil leis i rith an phróisis íocaíochta chun dintiúir an úsáideora a fhíordheimhniú. Má bhíonn fadhbanna agat le d’áirithint ar líne, molaimid duit iarracht a dhéanamh d’áirithint a dhéanamh le cárta dochair/creidmheasa eile, díreach chun an cárta a chur as an áireamh mar fhadhb. Má tá fadhbanna agat fós, déan teagmháil le do bhanc le haghaidh tuilleadh eolais.
Mura bhfuil tú in ann áirithint a dhéanamh ar líne, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár Ionad Teagmhála Custaiméirí
Má bhain tú úsáid as 3D Secure cheana chun táirge no seirbhís a cheannach, iarrfar ort do phasfhocal a chur isteach le linn an phróisis íocaíochta. Beidh cleachta agat ar an bpróiseas sin.
Glactar le Mastercard, Visa Debit, agus le gach cárta creidmheasa.
Prótacal is ea 3D Secure a úsáidtear mar shlándáil bhreise agus íocaíocht á dhéanamh le cártaí creidmheasa agus cártaí dochair ar líne. Déantar an méid sin trí chéim fhíordheimhnithe bhreise a chur ar fáil i gcomhair íocaíochtaí ar líne; pasfhocal.
Visa a d’fhorbair an tseirbhís agus tugadh “Verified by Visa” air. Ansin rinne MasterCard seirbhís a fhorbairt bunaithe ar an bprótacal céanna dar teideal “MasterCard® SecureCode™”. Cruthaíodh é chun slándáil íocaíochtaí ar líne a fheabhsú trí chéim slándála bhreise a chur ar fáil do chustaiméirí roimh dóibh idirbheart a dhéanamh ar líne. Cruthaítear pasfhocal mar chuid de sin. Is féidir a chinntiú leis sin nach bhfuil do chárta creidmheasa á úsáid go calaoiseach ós rud é nach mbeidh an pasfhocal ar eolas ag duine ar bith eile seachas tusa.
An chéad uair a dhéanfaidh tú idirbheart agus 3D Secure i bhfeidhm, cuirfear go dtí suíomh ghréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú. Roimh duit leanúint ar aghaidh iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a chruthú. Tá an méid sin comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Ná luaigh do phasfhocal do dhuine ar bith eile – féadfaidh tú a bheith cinnte de ansin go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh síos do phasfhocal in áit ar bith.
Murar bhain tú úsáid as 3D Secure cheana chun táirge nó seirbhís a cheannach, cuirfear chuig suíomh gréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú agus iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a roghnú. Tá sé seo comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Tá sé tábhachtach nach luann tú an pasfhocal sin do dhuine ar bith eile – ar an mbealach sin, féadfaidh tú a bheith cinnte de go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh do phasfhocal in áit ar bith.
Áirithintí a rinneadh Ar Líne:
- cártaí creidmheasa / dochair Visa
- cártaí creidmheasa / dochair Mastercard
- PayPal
Áirithintí a rinneadh Ar an bhFón
- cártaí creidmheasa / dochair Visa
- cártaí creidmheasa / dochair Mastercard
Má tá do phasfhocal 3D Secure dearmadta agat ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc, nó beidh rogha dar teideal ‘Forgotten Password’ nó ‘Retrieve Password’ ar an gcuid den suíomh ag baint le 3D Secure. Lean na treoracha ansin. Ní dhéantar do phasfhocal 3D Secure a choimeád ar aon chóras ríomhaire de chuid Iarnród Éireann; nuair a roghnaigh tú an pasfhocal sin níor sábháladh é ach ar an gcóras ríomhaire i do bhanc. Ní dhéanfaidh Iarnród Éireann teagmháil leat riamh chun ceist a chur maidir le do phasfhocal 3D Secure agus ní fhéadfaimid cabhrú leat pasfhocail 3D Secure atá dearmadta a fháil ar ais.

