Booking Online - My Account FAQ
Conas do phasfhocal a Athshocrú:
- Click the 'Rest Password' Button in the 'reset my password' email or copy and paste the link provided
- You will then be brought to a 'Create Password' screen.
- Simply enter your new password. Your new password should be a minimum of 8 characters and contain at least one number, one symbol, one capital and one lower case letter, example - Ireland123!
- Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
- Cuir isteach do sheoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh an chuid a bhfuil tú ag iarraidh a athrú agus cliceáil ar “Sábháil”. Gheobhaidh tú teachtaireacht le rá gur athraíodh do chuid sonraí.
- Roghnaigh “Logáil Amach”
Seo thíos roinnt de na buntáistí a bhaineann le Cuntas Iarnród Éireann;
- Is féidir do chuid áirithintí a bhainistiú le logáil isteach simplí
- Is féidir clárúchán a scipeáil
- Cuirfear níos mó roghanna íocaíochta ar fáil
- Is féidir do thuras a uasghrádú go héasca
Ní féidir cuntas a chruthú ach le linn an phróisis áirithinte. Chun cuntas a chruthú roghnaigh “Ba mhaith liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú” agus do chuid sonraí pearsanta á gcur isteach le linn d’áirithinte. Gheobhaidh tú r-phost le pasfhocal ar do chuntas ansin.
.Níl aon áirithint a rinneadh roimh an 24 Aibreán le feiceáil ar líne. Déan Teagmháil Linn chun na háirithintí a rinne tú roimhe sin a fháil.
- Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
- Cuir isteach do seoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (ar ghuthán póca) roghnaigh ‘Athraigh Pasfhocal’
- Sa chéad líne ‘Pasfhocal Reatha’ cuir isteach do phasfhocal reatha nó má rinne tú do phasfhocal a athshocrú cuir isteach an ‘Pasfhocal Sealadach’ a cuireadh chugat.
- Sa dhá bhosca dheireanacha ‘Pasfhocal Nua’ agus ‘Pasfhocal Nua Arís’ déan cinnte de go bhfuil do phasfhocal nua ag teacht leis na critéir is gá. Ba cheart go mbeidh ar a laghad uimhir amháin, siombail amháin, ceannlitir amháin agus litir cáis íochtair amháin i do phasfhocal, mar shampla - Éire123!
- Ní mór an pasfhocal céanna a chur isteach sa dhá líne.
- Cliceáil ar ‘Athraigh Pasfhocal, agus mura bhfuil fadhb ann tiocfaidh teachtaireacht glas anuas ag barr an leathanaigh le rá gur athraíodh do phasfhocal.
Más mian leat do phasfhocal a athshocrú, cliceáil ar an nasc thíos

Please see our step by step guide on creating an account for more information.
Ag teacht lenár mbeartas GDPR má tá cuntas neamhghníomhach ar feadh 13 mhí, scriostar do chuntas Iarnród Éireann.
Is féidir leat cuntas nua a chur ar bun an chéad uair eile atá tú ag cur in áirithe. Nuair a thagann an rogha chun sonraí do chuntais a chur isteach nó dul ar aghaidh mar chuairteoir, cliceáil ar aghaidh mar chuairteoir agus cuir isteach do chuid sonraí mar is gnách.
Chun cuntas a chur ar bun níl le déanamh ach tic a chur sa bhosca a deir ‘Sea, is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú. Is féidir an bosca tic a fháil i ‘Sonraí Pearsanta’ agus faoi ‘shonraí an Chustaiméara’ mar a fheictear sa ghabháil scáileáin thíos. Nuair a bheidh d’áirithint deimhnithe gheobhaidh tú ríomhphost le sonraí do chuntais.
- Cliceáil ar "Mo Chuntas"
- Cuir isteach do seoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh ‘Stair Áirithintí’. Beidh gach áirithint atá déanta agat cheana le feiceáil
- Roghnaigh “Logáil Amach
Molaimid do chustaiméirí a bpasfhocail a athshocrú tríd an nasc Dearmad Déanta ar Phasfhocal.
Ní mór go mbeidh ar a laghad uimhir amháin, siombail amháin, ceannlitir amháin agus litir cáis íochtair amháin i do phasfhocal nua, mar shampla - Éire123!

